Cumann Leadóige Chaisleán an Bharraigh
Imeachtaí
#parkrunabú! – Caisleán an Bharraigh
14/06/2025
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le deis chun cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!