![Oifig An Clár as Gaeilge Oifig An Clár as Gaeilge]()
Oifig An Clár as Gaeilge
Cúlra
Bunaíodh An Clár as Gaeilge Teo. i 2002 agus tá an-chuid oibre déanta mar chuid den togra seo ó shin i gcur chun cinn na Gaeilge in Inis agus sa chontae trí chéile.
Is togra pobalbhunaithe é atá á chur i bhfeidhm ag Craobh na hInse, Conradh na Gaeilge, a bunaíodh i 1913. Bhog an grúpa isteach in ionad nua ag tús 2017 i lár bhaile na hInse, áit ina bhfuil siopa earraí Gaeilge, ranganna, ciorcail chomhrá agus go leor eile ar fáil.
Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)65 6864474
Ríomhphost: anclarasgaeilge@gmail.com
Suíomh: www.anclarasgaeilge.net
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n.An Clár as Gaeilge Teo. was founded in 2002 and much work has been done as part of this project since then in the promotion of the Irish language in Ennis and the county as a whole.