Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide
Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i measc na foirne agus i measc na mac léinn (mar aon le naisc a chruthú leis an bpobal mór). Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge chun an aidhm seo a bhaint amach. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil d'údaráis agus do phobal na hollscoile mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne. Chomh maith leis sin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh.
Oifig na Gaeilge exists to promote the Irish language in Trinity College Dublin, among staff and students (as well as forging links with the wider community). The Irish Language Officer works with Coiste na Gaeilge to achieve this aim. The Office provides services and information to authorities and the university community on the Language Act, and provides an Irish language translation service for staff. The Office is also responsible for administering students' Irish language residency schemes.