Seachtain na Gaeilge
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Bíonn an fhéile ar siúl ón 1ú-17ú Márta gach bliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge. Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge - Bain Triail Aisti - Surprise Yourself!
Seachtain na Gaeilge (Irish Language Week) is an international Irish language festival and one of the biggest celebrations of our native language and culture that takes place each year in Ireland and in many other countries.