Seachtain na Gaeilge le Energia
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus i go leor tíortha eile gach bliain.
Bíonn an fhéile ar siúl ón 1 – 17 Márta gach bliain.
Tugann an fhéile deis do chuile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.
Is grúpaí deonacha agus pobail, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt, ealaíon agus chultúrtha a eagraíonn imeachtaí ina gceantar féin do Sheachtain na Gaeilge.
Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!
Cúpla Ceist Coitianta
Cén fáth go bhfuil Seachtain na Gaeilge níos faide ná seachtain?
Tá Seachtain na Gaeilge ar bun ó bhí 1902 ann agus an branda sin aitheanta go forleathan i measc mhórphobal na hÉireann.
Agus an fhéile ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas, d’fhás tréimhse na féile ó sheachtain amháin go tréimhse coicíse ach níor athraigh an t-ainm toisc go n-aithnítear í go forleathan.
Conas gur féidir liom páirt a ghlacadh?
Is féidir leatsa páirt a ghlacadh san fhéile trí bhealacha éagsúla:
- Imeacht a eagrú do Sheachtain na Gaeilge – féach ar an rannóg Eagraithe Imeachtaí i gcomhair treoracha agus comhairle
- Freastal ar imeacht Sheachtain na Gaeilge – féach ar an rannóg Imeachtaí do liosta na n-imeachtaí ar fad a bheidh ar siúl
- Bain níos mó úsáide as an nGaeilge le linn na féile: sa bhaile, le do chairde, ar an nguthán, i do ríomhphoist agus póstálacha ar na meáin shóisialta – féach ar an rannóg Acmhainní Teanga do liostaí frásaí agus acmhainní eile chun cabhrú leat
Cá mbeidh an t-eolas faoi na himeachtaí?
Ceannaigh clár oifigiúil na féile Sult, a eisítear leis an Irish Daily Mail gach bliain, an t-aon áit a mbeidh liosta iomlán na n-imeachtaí curtha i gcló agus chomh maith leis sin, beidh ailt, agallaimh, míreanna spóirt, ceoil agus teicneolaíochta.
Is iris dátheangach í seo atá iontach d’fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhforbairtí nua maidir leis an nGaeilge.
Is féidir an clár a fheiceáil agus níos mó sonraí freisin ar www.snag.ie.