Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
Dónal

Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2019

Bí linn don Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach 2019 in Amharclann GB Shaw Ceatharlach oíche Dé Sathairn, 23ú Márta ag 8.00i.n. Beidh 16 amhrán in iomaíocht don duais mhór.

Na moltóirí ná an ceoltóir áitiúil Liam Lawton, Seán Ó hÉanaigh ó Raidió na Gaeltachta agus Emer Ní Fhlaitheartaigh a bhuaigh an comórtas í féin sa bhliain 2017. Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil agus beidh an ceoltóir aitheanta Eric de Buitléir mar aoí speisialta na hoíche.

€1,000 don chéad áit. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le bheith in iomaíocht ar son na hÉireann ag an gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i rith na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl i Leitir Cheanainn um Cháisc.

 

Tuilleadh

Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta

Tá Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Beidh Craobhchomórtas SIANSA GAEL LINN 2019 ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 7 Aibreán 2019. Tháinig na grúpaí a bheidh ar ardán trí chóras réamhbhabhtaí ó mhí na Samhna seo caite agus beidh siad san iomaíocht do dhuaischiste €4,500. Tá ticéid ar fáil don ócáid ó www.nch.ie nó ó 01:4170000. Féach ar chlár na hócáide anseo.


***********************

The All-Ireland Final of SIANSA GAEL LINN 2019 will take place on Sunday, 7 April 2019 in the National Concert Hall. Eight young traditional Irish music groups, who have qualified through preliminary rounds since November last, will compete for a prizefund of €4,500 in what promises to be a fantastic concert! Tickets 01:4170000 nó www.nch.ie. See the event brochure here.

 

Tuilleadh

Ficsean Eolaíochta na hÉireann agus Lúcháir is Dúshlán an Aistriúcháin le Jack Fennell

 

Beidh an t-údar Jack Fennell i láthair ar an 30 Márta ag a 8pm i siopa leabhar Síle na gCíoch i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann.

Is údar ceannródaíoch é, chomh maith le eagarthóir agus aistritheoir. Beidh sé ag labhairt faoi fhicsean eolaíochta agus fantaisíocht na hÉireann i mBéarla agus i nGaeilge. Is réimse litríochta é seo nach bhfuil mórán taithí ag daoine air, agus labhróidh sé faoi na dúshláin a bhain leis chomh maith leis an taitneamh a bhain sé as an aistriúchán.

Beidh sé faoi agallamh trí mheán na Gaeilge ag Annemarie Nugent, múinteoir, eagarthóir agus aistritheoir, atá suim faoi leith aici i bhficsean eolaíochta agus fantasaíocht.


Áit: Siopa leabhar Síle na gCíoch, An tSráid Mhór, Cloch Shiurdáin

Am: Satharn, 30 Márta 2019, 20:00 – 21:30

Tuilleadh sonraí anseo

Tuilleadh

Pop Up Gaeltacht ar Bhóthar na gCloch, Baile Átha Cliath

Dia Dhaoibh a chairde. Scaipigí an dea-scéala! Pop Up Gaeltacht ar siúl i Bóthar na gCloch!

Ar feadh Seachtain na Gaeilge Conradh na Gaeilge agus le haghaidhFéile Phádraig 2019 St. Patrick's Festival Ireland, tá Pop Up Gaeltacht ag teacht aris go dtí teach tábhairne na bliana 2018, Walsh's Stoneybatter.

Tarigí isteach go dtí Walsh's oiche Déardaoin 14 ú Márta ar feadh oiche de comhrá as Gaeilge nó cúpla focal, ceol, rí rá agus ruaille buaille gan amhras.
Is cuma cén leibhéal teanga atá agat! Bigí linn!

Tá fáilte roimh chách - Gaeilgeoirí dúchasacha go foghlaimeoirí nua go daoine nach bhfuil an Ghaeilge cloiste acu riamh!

Béimid ag bualadh le chéile ó hocht a chlog istoíche.

Slán go fóill agus feicimid go léir ann.

Hello all! Share the good news! Pop up Gaeltacht on in Stoneybatter!
During Seachtain na Gaeilge and the upcoming St. Patrick's Day and Festival, Pop Up Gaeltacht will be coming back to the 2018 Pub of the Year, Walsh's Stoneybatter.

Come into Walsh's Thursday night 14th March for a night of chatting in Irish or a few words, music, good craic and a bit of devilment no doubt. It doesn't matter what level your Irish is.
Join us! All are welcome - from native speakers to beginners, to those who have never heard a word of Irish spoken in their lives! We will be kicking off from around 8pm.

Bye for now and we'll see y'all there!

 

Tuilleadh