Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó


Niamh Ní Chrónaín ag labhairt le Máire Treasa Ní Cheallaigh, Declan Hannon, & Ciarán Kilkenny

 

Ba iad Ciarán Kilkenny (peileadóir le Báile Átha Cliath), Declan Hannon (captaen iománaíochta le Luimneach) agus an tráchtaire spóirt Máire Treasa Ní Cheallaigh a bhí ar phainéal cainte faoin nasc atá idir an Cumann Lúthchleas Gael agus an Ghaeilge inné ag Zeminar. Bhí Niamh Ní Chróinín, bainisteoir Raidió Rí-Rá mar bhean an tí don seisiún ag an gcomhdháil do dhaoine óga a bhí atá ar siúl san RDS go dtí an Déardaoin.

Is é Zeminar an chomhdháil is mó atá dírithe ar fhorbairt agus ar fholláine an duine óg in Éirinn. Cuireadh tús leis in 2016 agus táthar ag súil le 20,000 duine óg a bheith i láthair ag Zeminar idir anois agus an Déardaoin.

Dúirt Ciarán Kilkenny, peileadóir le Baile Átha Cliath:
“Bhí an-áthas orm páirt a ghlacadh sa phainéal cainte faoin CLG agus faoin nGaeilge ag Zeminar mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Tá nasc an-nádúrtha idir an Ghaeilge agus an CLG agus ceann de na spriocanna pearsanta atá agam ná an Ghaeilge a chur chun cinn i measc imreoirí óga. Is féidir le haon chlub CLG níos mó Gaeilge a úsáid trí thraenáil as Gaeilge a dhéanamh, ciorcal comhrá a bhunú nó ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Táim an-bhrodúil go mbíonn mo chlub fhéin, Caisleán Cnucha, an-gníomhach ag cur ár dteanga náisiúnta chun cinn.”

Chomh maith leis an bpainéal tá ceantar speisialta ann don Ghaeilge darb ainm an GaelZón.Is iad Conradh na Gaeilge atá i mbun an zón a eagrú don dara bhliain as a chéile. I measc na heagraíochtaí atá sa cheantar tá Raidió Rí-Rá, Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Coláiste Uisce, CONCOS, Gael Linn, Foras na Gaeilge agus TechSpace. Tá réimse leathan do cheardlanna ar fáil sa cheantar chomh maith, idir cheardlanna fostaíochta, cheardlanna raidió agus cheardlanna ar fhoclaíocht na teanga.

Ag labhairt faoin nGaelZón, dúirt ceann de chomhbhunaitheoirí Zeminar, Damien Clarke:
“Tá sé an-tábhachtach dúinn go bhfuil an Ghaeilge lárnach ag Zeminar. Cuireadh tús leis an nGaelZón, a chuireann spás faoi leith ar fáil do dhaoine óga leis an nGaeilge a chloisteáil agus a úsáid lasmuigh don seomra ranga. Tá Zeminar dírithe ar fholláine agus ar fhorbairt iomlán an duine óg.”

Is amárach an lá deireanach do Zeminar, mura bhfuil sibh théis freastal ar an nGaelzón go dtí seo, bí cinnte go mbualann sibh trasna leis na deiseanna iontacha leis an nGaeilge a fheiceáil agus le cúpla aiscín a fháil.

 

 

Read 93 times
Rate this item
(0 votes)