Tá liostaí feithimh ag 64%, nó beagnach dhá thrian, de naíonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, de réir taighde nua.
De réir an taighde a rinne an eagraíocht Gaeloideachas i measc 160 naíonra, 4,980 leanbh atá ag freastal ar na naíonraí Gaeilge sin lasmuigh den Ghaeltacht.
Naíonraí príobháideacha is ea 61% de na naíonraí Gaeilge.
4% de na leanaí idir 3-6 bliana a bhíonn ag freastal ar sheirbhísí luathbhlianta atá ag freastal ar naíonraí Gaeilge.
De réir an taighde ní labhraíonn ach 3%, nó 150 den nach mór 5,000 dalta sna naíonraí Gaeilge sin, an Ghaeilge sa bhaile. Teanga eile seachas an Béarla agus an Ghaeilge atá ag 3% eile díobh.
Fágann sin gurb é an Béarla teanga an teaghlaigh ag 94% de na leanaí sa 160 naíonra Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
611 oide atá ag obair sa 160 naíonra seo agus tá 56% díobh ag obair go lánaimseartha.
Naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht | |
---|---|
Naíonraí | 160 |
Liostaí feithimh | 64% |
Páistí | 4,980 |
Gaeilge sa bhaile | 3% |
Níl cáilíocht TEG ach ag 15% den 611 oide sin, cé go molann Gaeloideachas go mbeadh cáilíocht TEG ag leibhéal B2, nó a chomhionann, ag oidí naíonra.
Tá 37% de na naíonraí ar an suíomh céanna le bunscoileanna lán-Ghaeilge, rud, a deir Gaeloideachas, a chabhraíonn go mór leis an leanúnachas san oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
202,633 leanbh ar fad a bhí ag freastal ar sheirbhísí luathoideachais in 2017/2018, ardú 9% ar an mbliain roimhe sin.
Den chéad uair le trí bliana bhí laghdú (12%) anuraidh ar líon na bpáistí ar liostaí feithimh do naíonraí na hÉireann.
De réir taighde a rinne Pobal, 213,654 áit a bhí ar fáil sna naíonraí anuraidh, méadú 6%, ach tá an t-ardú sin ar an soláthar áiteanna níos lú ná an t-ardú 9% a tháinig ar an éileamh ar áiteanna.
Beidh ceist shonrach maidir le teanga na seirbhísí luathoideachais i gceistneoir Pobal don bhliain 2018-19, rud a chabhróidh, a deir Gaeloideachas, “le léargas níos iomláine a thabhairt ar an earnáil lán-Ghaeilge”.
Deir an eagraíocht go gcabhróidh an taighde sin chomh maith lena hobair stocaireachta ar son “cearta agus cothrom na Féinne do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht”.