Ag triall ar na botháin vótála a bheidh muintir na hÉireann inniu chun a dtoil a chur in iúl sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha agus i reifreann faoin gcolscaradh.
Beidh muintir Luimnigh, Phort Láirge agus cathair Chorcaí ag vótáil chomh maith faoi cé acu ar mhaith nó nár mhaith leo féin méara a thoghadh.
Ní bheidh na chéad torthaí ann go dtí an lá amárach, ach fógrófar anocht torthaí pobalbhreith iarvótála de chuid RTÉ agus TG4. Cuirfidh na craoltóirí Páidí Ó Lionáird agus David McCullagh torthaí na pobalbhreithe, a dhéanfaidh Red C, i láthair ar an Late Late Show ar RTÉ anocht.
Ag 9am maidin amárach a osclófar na boscaí ballóide. Déanfar na páipéir vótála éagsúla a scaradh óna chéile ar dtús sula gcromfar ar an gcomhaireamh do na toghhcáin áitiúla, don reifreann agus do vóta na méaraí.
Maidin Dé Domhnaigh a thosófar ag comhaireamh na vótaí i dtoghcháin na hEorpa agus ní fhógrófar aon toradh sna trí thoghcheantar go mbeidh deireadh leis an vótáil i ngach ballstát ag 10pm an oíche sin.
Beifear ag súil le roinnt torthaí ó na toghcháin áitiúla faoi thráthnóna amárach ach beidh sé ina Dhomhnach sula mbeidh a bhformhór ar fáil agus an tseachtain seo chugainn, b’fhéidir, sula mbeidh a ndeireadh againn.
Sna toghcháin áitiúla, toghfar 949 duine ar 31 údarás áitiúil i 166 toghcheantar ar fud an Stáit. 1,977 iarrthóir atá ag dul sa ghleo.
Toghfar chomh maith 13 feisire chuig Parlaimint na hEorpa i dtrí thoghcheantar, Baile Átha Cliath, Lár Tíre-Iarthuaisceart agus Deisceart. 17 iarrthóir atá i dtoghlach Láir Tíre-Iarthuaiscirt, mar a bhfuil ceithre shuíochán, 23 atá san iomaíocht sa Deisceart, mar a bhfuil cúig shuíochán, agus 19 atá sa tóir ar an gceithre shuíochán atá ar fáil san ardchathair.
Tá dhá fheisire sa bhreis á dtoghadh an géabh seo, duine i mBaile Átha Cliath agus duine sa Deisceart, toisc go bhfuil rún ag an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach agus go mbeidh cuid den ionadaíocht atá acu sa pharlaimint á roinnt ar na ballstáit eile dá réir.
27 den 73 suíochán atá ag an mBreatain a roinnfear ar bhallstáit eile agus beidh an chuid eile á gcoinneáil d’aon tíortha nua a bhainfidh ballraíocht amach san Aontas.
Vótáil muintir an Tuaiscirt, mar a bhfuil trí shuíochán, sna toghcháin Eorpacha inné.
Ní dhéantar aon chomhaireamh toghcháin ó thuaidh rud a fhágann go mbeidh moill ar na torthaí ansin.
Ó tharla nár cuireadh an Breatimeacht i bhfeidhm go fóill, reáchtáladh toghcháin na hEorpa sa Bhreatain inné, rud a fhágann nach mbeidh na feisirí breise a thoghfar i dtoghcheantair Bhaile Átha Cliath agus an Deiscirt ag freastal ar an bparlaimint nó go n-imeoidh an Bhreatain ón Aontas, má tharlaíonn sin.
Sa reifreann atá á reáchtáil inniu, fiafrófar de dhaoine ar mian lo go n-athrófaí an bunreacht maidir leis an tréimhse ama is gá roimh iarratas a dhéanamh ar cholscaradh agus maidir leis an stádas atá ag colscaradh a ceadaíodh thar lear.
Idir an dá linn, meastar gur inné an lá deiridh a raibh ar 2,000 duine atá ina gcónaí ar oileáin amach ó chósta na hÉireann vóta a chaitheamh lá roimh an gcuid eile den tír.
Ghlac an Rialtas an mhí seo caite le reachtaíocht a thabharfadh an deis sin dóibh.
An Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dhréachtaigh an reachtaíocht ar glacadh leis ag cruinniú rialtais.
Craolfar ceithre chlár sa tsraith Vóta 2019 ar TG4 le linn an deireadh seachtaine – dhá cheann Dé Sathairn, idir 11:30am – 1:30pm agus 5.00 – 6.00pm agus dhá cheann Dé Domhnaigh idir 11.00am – 1.00pm agus idir 7.00pm – 8.00pm.
Beidh tuairiscí agus anailís ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na toghcháin i gcaitheamh an deireadh seachtaine go léir, ag tosú le Lá an Chomhairimh maidin amárach.