Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé “an-tábhachtach” go gcuirfeadh eagrais rialtais seirbhísí poiblí a ar fáil i nGaeilge má táthar le cur le líon na ndeiseanna a bhíonn ag daoine Gaeilge a labhairt mar ghnáthchuid den saol.
Dúirt an Taoiseach an méid sin tráthnóna inné sa Dáil, mar ar gheall sé go ndéanfar ardú 10-12% ar chiste na Gaeilge sa chéad bhuiséad eile agus go bhféachfaí arís ar scéimeanna tacaíochta a thabhairt ar ais le cur leis an soláthar múinteoirí Gaeilge.
Dúirt Varadkar go gcaithfí tuilleadh deiseanna a sholáthar do dhaoine ó thaobh labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil.
“Sin an fáth go bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirfeadh eagrais rialtais seirbhísí ar fáil sa teanga,” a dúirt Leo Varadkar.
Cheistigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin an Taoiseach faoin mbuiséad a cuireadh ar fáil don Ghaeilge in 2019, buiséad a raibh “an-díomá” ar Chonradh na Gaeilge agus “muintir na Gaeltachta” faoi.
D’fhiafraigh Martin den Taoiseach chomh maith cén plean a bhí ag an rialtas chun déileáil leis an easpa múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeilge agus lán-Ghaeilge.
D’fhiafraigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou MacDonald den Taoiseach cathain a chuirfeadh a Roinn tuarascáil ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus cathain a d’fhoilseofaí an reachtaíocht atá geallta le fada chun láidriú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Níor thagair an Taoiseach don dá cheist sin ina fhreagra.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh go raibh Roinn an Taosigh féin i measc na ranna nach raibh aon oifigeach Gaeilge acu agus na ranna a mhaíonn gur “ar bhonn deonach” a chuireann siad seirbhís Ghaeilge ar fáil.
Níor earcaíodh anuraidh sa státseirbhís go léir ach beirt nua chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.
Mar oifigigh chléireachais a earcaíodh an bheirt, an bunghrád sa státseirbhís.
31 duine a earcaíodh sa státseirbhís anuraidh toisc go raibh Gaeilge agus Béarla acu.