Tá an t-eiteach tugtha ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk do mholadh Boris Johnson i dtaobh an chúlstop agus ceist theorainn na Breataine in Éirinn.
“Is árachas atá sa chúlstop chun teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint nó go dtiocfar ar réiteach eile. Iad siúd atá i gcoinne an chúlstop agus gan aon mholtaí réadúla eile acu, is amhlaidh atá siad ar son athbhunú teorann. Fiú mura n-admhódh siad féin é sin,” arsa Tusk i dtvuít a chuir sé amach ar maidin.
Dúirt urlabhraí Chomisiún na hEorpa, Natasha Bertaud, nach n-éireodh le moladh Boris Johnson teorainn chrua a sheachaint.
“Fáiltímid roimh an tsuim agus an tiomantas atá á léiriú i gcónaí ag rialtas na Ríochta Aontaithe san imeacht faoi dhea-eagar. Creidimid go láidir gurb é sin is fearr don AE agus don RA araon.
“Mar sin féin, tugaimid faoi deara nach bhfuil réiteach dlí inoibrithe luaite sa litir [ó Boris Johnson] a chinnteodh nach mbeadh teorainn chrua in Éirinn arís. Ní leagtar amach aon socruithe malartacha a d’fhéadfaí a dhéanamh agus, i bhfírinne, aithnítear [sa litir] nach féidir a bheith cinnte go mbeadh a leithéid de shocruithe i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse.”
Tuairiscítear chomh maith tráthnóna inniu go bhfuil cáipéis curtha faoi bhráid an 27 ballstát ina maítear go bhfuil ‘míthuiscintí’ agus ‘míchruinnis’ i litir Johnson faoi chás na hÉireann.
Ina litir chuig Donald Tusk, mhaígh Boris Johnson go gcaithfí fáil réidh leis an gcúlstop mar nach bhféadfaí é a fheidhmiú agus gur beart “frithdhaonlathach’ é.
Mhaígh Johnson chomh maith go bhféadfadh cúlstop cur as don tsíocháin ó thuaidh.