Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cursa-i-ngaidhlig-na-halban-a-reiteach-ag-duolingo

Cúrsa i nGàidhlig na hAlban á réiteach ag Duolingo

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Ní fada go mbeidh úsáideoirí na haipe foghlama teanga Duolingo in ann cúrsa i nGaeilge na hAlban a dhéanamh. Tá lucht na Gàidhlig ag feachtasaíocht le tamall de bhlianta anuas le haghaidh cúrsa Gàidhlig ar an aip, an aip foghlama teanga is mó ar domhan, agus i lár na hoíche aréir cuireadh an cúrsa nua i ‘ngoradán’ Duolingo. 

Bíonn oibrithe deonacha ag obair ar chúrsa teanga i ‘ngoradán’ Duolingo agus táthar anois ag lorg cainteoirí Gàidhlig le cur leis an gcúrsa nua do chainteoirí Béarla. Táthar anois ag ‘Céim 1’ den phróiseas. Nuair a bheidh cuid mhaith den chúrsa curtha le chéile, cuirfear an leagan Beta den chúrsa ar fáil, agus nuair a thugtar aiseolas ar an gcúrsa sin, réiteofar an leagan críochnúil den chúrsa Gàidhlig. 

Táthar ag súil go mbeidh an cúrsa Gàidhlig ar Duolingo ar fáil ar an 17 Iúil 2020, tuairim is bliain ón lá inniu. Is le cainteoirí Gàidhlig cabhrú leis an bpróiseas anseo. 

An bhliain seo caite chuir an iris scigiúil The Daily Gael tús le feachtas nua an teanga a chur ar fáil ar Duolingo. Bhí an Ghaeilge agus an Bhreatnais ar fáil ar Duolingo cheana féin, ach ainneoin iarrachtaí a rinneadh roimhe seo, níorbh fhéidir Gaeilge na hAlban a fhoghlaim ar an aip foghlama teanga. 

Osclaíodh cuntas nua Twitter le haird a tharraingt ar an gceist agus le cainteoirí Gàidhlig a mhealladh a bheadh sásta an obair dheonach a theastaíonn leis an gcúrsa a chruthú a dhéanamh. 

Is é Duolingo an aip teanga is mó ar domhan. Is acmhainn ar leith atá ann a thabharfaidh an chéad bhlaiseadh den teanga do dhaoine a bhfuil suim acu inti, agus dóibhsean atá ag iarraidh a scileanna teanga a thabhairt chun cinn. Cé gur dócha nach dtabharfaidh Duolingo féin líofacht teanga do dhuine, is dea-thosú a bheadh ann dóibhsean atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. 

“Tá a fhios againn go bhfuil suim mhór ag go leor daoine in Albain agus ar fud an domhain an Ghàidhlig a fhoghlaim, go háirithe de bharr cláracha ina gcluintear an Ghàidhlig, ar nós Outlander. Tá muid ag iarraidh é sin a dhéanamh níos éasca do dhaoine agus níos mó daoine a tharraingt isteach i saol na Gàidhlig,” a dúirt duine de lucht an fheachtais le NÓS anuraidh. 

Bliain roimhe sin, d’fhógair an Feisire Parlaiminte Alasdair Allan go raibh rún aige scríobh chuig Duolingo féachaint an bhféadfaí an Ghàidhlig a chur ar fáil ar an aip. Is as Crìochan na h-Alba, i ndeisceart na tíre, é Allan ach tá sé ina fheisire i dTaigh an Ròid do na h-Eileanan an Iar, ceantar Gaeltachta in Albain. Thagair sé don rath mór atá ar an gcúrsa Gaeilge a chuireann Duolingo ar fáil, go háirithe i Meiriceá, agus é ag éileamh go mbeadh teanga Ghaelach a thíre féin ar fáil ann.

Níos mó