Netflix agus…dinnéar?
Is minic a thagann muid uilig ar an fhadhb céanna agus muid inár suí síos linn féin ag an tábla le béile idir lámha. Ní féidir toiseacht ag ithe gan an clár foirfe a phiocadh ar Netflix.
Tá muid breá cleachtaithe leis an fhrása ‘dinner and a show’ i mBéarla, mar sin, seo chugaibh cúpla clár measartha gairid (thart ar 30 bomaite) gur féidir amharc orthu sa dóigh is nach n-éireoidh an dinnéar fuar agus tú ag cuardach an chláir chirt!
Tá sé rófhurasta éirí gafa leis na cláracha céanna, tá a fhios agam féin gur amharc mé ar Brooklyn Nine-Nine i bhfad rómhinic. Mar gheall air sin, phioc mé cúpla clár réasúnta úr ar Netflix le sibh a scaoileadh ón fháinne fí compordach sin.
I Think You Should Leave
Is tiomsú sceitsí é I Think You Should Leave, cruthaithe ag an fhuirseoir Tim Robinson, fear grinn a chaith seal ag scríobh do ‘Saturday Night Live’. Mar sin feictear aisteoirí cáiliúla ar nós Andy Samberg (go fóill is grá linn é i ndiaidh Brooklyn Nine-Nine) sna sceitsí in aice le Tim Robinson é féin. Tá na sceitsí aisteach agus greannmhar, agus ní mhaireann siad ach timpeall 20 bomaite, ag tabhairt go leor ama duit do dhinnéar a alpadh siar.
7.5/10 IMDb
Trinkets
Is clár úrnua é ar Netflix Trinkets, scéal réadúil bunaithe ar úrscéal le Kirsten “Kiwi” Smith. Buaileann triúr cailíní le chéile ag grúpa tacaíochta ‘Shoplifters Anonymous’.
Tá ráta 15 ag an chlár fuinniúil seo agus níl ann ach ocht n-eipeasóid, mar sin feidhmíonn sé go deas leis an bhearna a líonadh go dtí go dtagann Sex Education ar ais go luath leis an dara sraith.
IMDb 7.2/10
Mr. Iglesias
No, ní Julio nó Enriqué atá i gceist agam, ach Gabriel Iglesias, múinteoir scoile a théann ar ais chuig a scoil féin ag teagasc páistí cumasacha ach dalba. Is léir go bhfuil coimhlint ann i bhfoirm múinteoirí agus leas-phríomhoide, rud a bhfuil taithí againn air i gcuid mhór cláracha eile bunaithe i scoil, ach is clár éadrom é seo nach bhfuil barraíocht smaoineamh i gceist leis, mar sin is clár foirfe é do am dinnéir.
IMDb 6.7/10
Tiny House Nation
Mar dhuine atá ag cur fúm san ardchathair, is deacair smaoineamh gur maith le haon duine teach beag a bheith acu d’aon turas, ach sin mar atá na céadta Meiriceánach in Tiny House Nation. Cé acu atá siad ag iarraidh costais an tí a choimeád íseal, nó a bheith aireach faoin tionchar atá acu ar an domhan agus a lorg carbóin, tá saol úr tosaithe acu i dtithe bídeacha. Ní thuigim é, ach bainim sult as a bheith ag amharc orthu.
IMDb 7.6/10
Brooklyn Nine-Nine
Níorbh fhéidir liom tú a thréigean, a ghrá mo chroí. Caithfidh seo a bheith ar an liosta. Clár fuinniúil, greannmhar atá rófhurasta a bhingeáil. Mura bhfuil Brooklyn Nine Nine feicthe agat, tá éad orm go bhfuil sé uilig romhat. Amharc air le do dhinnéar anocht, ní bheidh díomá ort.
IMDb 8.4/10
Póilín 11/10