Ghabh an Taoiseach Leo Varadkar leithscéal inniu as cur as do dhaoine lena chuid cainte i ndíospóireacht Dála inné. Agus é ag tabhairt freagra ar Mhicheál Martin sa Dáil dúirt sé leis nach raibh a shamhail beo ach sagart paróiste Caitliceach ag seanmóireacht faoi pheacaí a sheachaint agus é féin ansin ag peacú ar chúl na haltóra.
Bhí an Taoiseach i láthair ag cruinniú idir ionadaithe ó eaglaisí éagsúla agus ionadaithe rialtais inniu agus ar a bhealach isteach chuig an ócáid sin, dúirt sé: “Dúirt mé rud éigin agus caint theasaí ar siúl sa Dáil inné. Bhí an díospóireacht gangaideach agus pearsanta ar an dá thaobh agus ghortaigh mé a lán daoine nár theastaigh uaim a ghortú. Tá brón orm agus tarraingeoidh mé siar an chaint sin.”
Dúirt an Taoiseach go raibh “an-mheas” aige ar shagairt agus “ar na híobairtí a dhéanann siad” ina saol agus “ar dhaoine a bhfuil creideamh acu”.
Cáineadh an Taoiseach go géar sa Dáil inné mar gheall ar a chuid cainte le Micheál Martin. Dúirt Mary Butler, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh geallúint tugtha i gClár an Rialtais go gcuirfí deireadh le leithcheal ar bhonn reiligiúin ach nár léirigh an Taoiseach aon mheas ar an gcreideamh Caitliceach.
Dúirt Pat the Cope Ó Gallchóir a bhí sa gcathaoir tráth a ndearna an Taoiseach an chaint a chuir as do dhaoine go mb’fhéidir go mbeadh an Taoiseach ‘ag iarraidh labhairt faoin scéal an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh sé ar ais sa Dáil’.
Labhair an Seanadóir Ronan Mullen faoin ábhar sa Seanad agus dúirt gur iarradh air an t-ábhar a ardú. Dúirt Mullen gur chuir an chaint iontas air. Dúirt sé go raibh cuid den chléir á maslú ar na meáin shóisialta agus ar an tsráid.
“Ar an gceann is fearr de, tá an chuma air gur ag sásamh na ndaoine sin atá in aghaidh na cléire a bhí sé. Ar an gceann is measa de, d’fhéadfadh gur léiriú a bhí sa gcaint ar ghráin éigin atá aige féin ar an gcléir,” a dúirt an Seanadóir Mullen sa Seanad. “Ní call dom a rá dá ndéarfadh duine a leithéid de rud dímheasúil faoi cheannairí an phobail aeraigh nó faoi urlabhraithe an lucht taistil go gcáinfí go géar é, mar ba cheart.”