Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht

Déantar plé san alt seo ar conas níos mó Gaeilge a bheith le cloisteáil ag an bpáiste atá á thógáil taobh amuigh den Ghaeltacht.


Aithnítear go forleathan dlúthcheangal a bheith idir cumas duine chun teanga a labhairt agus líon na ndeiseanna a bhíonn aige chun an teanga sin a chloisteáil agus a labhairt. Ar an ábhar sin ba chóir gurbh í príomhaidhm tuismitheoirí, atá ag tógáil páiste le Gaeilge, gach deis a thabhairt dó Gaeilge a chloisteáil, agus Gaeilge a labhairt. Agus ar an ábhar go bhfuil teorainn leis na deiseanna a bhíonn ag páiste Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt creideann Comhluadar (Glór na nGael anois) gurb é an bealach is fearr chun clann a thógáil le Gaeilge ná Gaeilge a bheith á labhairt leis na páistí ag na tuismitheoirí an t-am ar fad. Is féidir cur leis seo trí:

  • Gaolta agus cairde a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh le Gaeilge a labhairt leis na páistí.
  • Úsáid a bhaint, a oiread agus is féidir, as cláir raidió, cláir theilifíse, leabhair, físeáin, ceol srl. atá ar fáil i nGaeilge.
  • Cur ar chumas na bpáistí Gaeilge a úsáid agus a chloisteáil taobh amuigh den teaghlach, mar shampla trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge, trí chuairt a thabhairt ar an nGaeltacht srl.

Ar an ábhar gur mór an méid Béarla a chloisfidh an páiste agus a labhróidh sé de réir mar a fhásann sé, is inmholta an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis sna blianta tosaigh. Ón lá a thagann páiste ar an saol bíonn sé ag éisteacht le fuaimeanna agus ag sealbhú teanga. Is fiú do thuismitheoirí a chinntiú ón tús go mbíonn cláir Ghaeilge ar siúl ar an raidió agus ar an teilifís, téipeanna Gaeilge á seinm sa ghluaisteán agus thar gach rud eile Gaeilge á labhairt acu leis an bpáiste ón chéad lá.

Nuair is nós le duine teanga ar leith a labhairt le daoine áirithe, fiú le páistí, is deacair an nósmhaireacht sin a athrú. Dá bhrí sin is fusa nós labhartha na Gaeilge mar phríomhtheanga theaghlaigh a bhuanú má labhraítear Gaeilge leis an bpáiste ón tús. Chuige seo is fiú an cinneadh maidir le teanga labhartha an teaghlaigh a bheith déanta sula saolaítear an chéad pháiste más féidir, agus eolas a bheith ag na tuismitheoirí ar an bhfoclóir agus ar an téarmaíocht nua a bheidh ag teastáil nuair a bheidh páiste nua sa teach.

Ní bhíonn na deiseanna céanna ag gach teaghlach. I gcásanna áirithe ní bhíonn Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin, i gcásanna eile ní bhíonn ann ach tuismitheoir amháin, agus tá teaghlaigh ann nach mbíonn daoine le Gaeilge i gcaidreamh leo ach go hannamh. Mar sin is gá breathnú ar na roghanna éagsúla atá ar fáil agus ceann a roghnú a thugann an deis is fearr don pháiste s’agatsa Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt:

Nuair a bhíonn Gaeilge ag tuismitheoir agus Béarla ag an tuismitheoir eile…

Is féidir páistí a thógáil le Gaeilge nuair nach mbíonn Gaeilge ag an mbeirt thuismitheoirí ach an straitéis cheart teanga a aimsiú. Deich faoin gcéad de na teaghlaigh atá cláraithe le Comhluadar, is teaghlaigh iad ina bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus Béarla nó teanga eile á labhairt ag an tuismitheoir eile leis na páistí. (Tá cúpla teaghlach ann inar shealbhaigh na páistí dhá theanga óna dtuismitheoirí agus an tríú teanga lasmuigh den teach).

Is é an socrú is fearr go labhródh tuismitheoir le Gaeilge an teanga sin amháin leis an bpáiste. Is gá don tuismitheoir seo a bheith diongbháilte faoi agus cloí leis an nGaeilge an t-am ar fad. Chomh maith leis sin is gá dó/di oiread ama agus is féidir a chaitheamh ag caint agus ag spraoi leis an bpáiste agus ag léamh dó. Ná déan dearmad – dá mhéad Gaeilge dá gcloiseann an páiste is amhlaidh is fearr a bheidh sé ábalta í a shealbhú, a úsáid agus a ionramháil. 

Tá sé tábhachtach freisin tacaíocht na beirte tuismitheoirí a bheith leis an gcinneadh na páistí a thógáil le Gaeilge. Tá sé riachtanach an tuismitheoir atá gan Ghaeilge a bheith ar a shuaimhneas leis an gcinneadh agus sásta tacú leis. D’fhéadfadh sé tacaíocht a thabhairt trí bheith dearfach faoin Ghaeilge i gcónaí, trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge leis na páistí, breathnú ar chláir theilifíse Gaeilge leo, agus iad a spreagadh chun Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir leo. B’fhiú go mór, dá mb’fhéidir, don tuismitheoir atá ar bheagán Gaeilge freastal ar rang Gaeilge agus iarracht a dhéanamh í a fhoghlaim i dteannta an pháiste.  D’fhéadfadh sé a dhóthain Ghaeilge a fhoghlaim chun an chaint idir an tuismitheoir eile agus an páiste a thuiscint agus comhráite simplí a bheith aige leis an bpáiste. Dá mb’fhéidir, b’inmholta é beagán Gaeilge a bheith in úsáid idir na tuismitheoirí ag amanna rialta nuair a bhíonn an páiste i láthair. D’fheadfaí nós a thosú mar shampla gan ach Gaeilge a labhairt ag am dinnéir.

Nuair a bhíonn Gaeilge ag páiste faoi chúram feighlí gan Ghaeilge…

Nuair is gá an páiste a fhágáil faoi chúram feighlí ba chóir tréaniarracht a dhéanamh feighlí linbh le Gaeilge a fháil agus a mhíniú dó/di gur mhian leat go labhródh sé/sí Gaeilge leis an bpáiste i gcónaí. Faoi láthair, áfach, tá sé an­deacair teacht ar fheighlithe linbh le Gaeilge agus chuile sheans go mbeidh ort dul i muinín feighlí linbh nó naíolainne gan Ghaeilge.

Sa chás seo b’fhiú a chur in iúl don fheighlí, nó do stiúrthóir na naíolainne, gurb í an Ghaeilge teanga bhaile an pháiste agus iarraidh air/uirthi an oiread Gaeilge agus is féidir a úsáid i rith an lae. D’fhéadfá, mar shampla, físeáin, nó caiséid Ghaeilge a fhágáil ag an bhfeighlí le seinm don pháiste nó leabhair Ghaeilge le léamh dó. Cuir ina luí ar an bhfeighlí gur cheart iarrachtaí an pháiste chun Gaeilge a labhairt a mholadh seachas iad a cháineadh nó magadh a dhéanamh fúthu.

Mura mbíonn páiste i dtimpeallacht Ghaeilge i rith an lae ní mór iarracht bhreise a dhéanamh chun an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis nuair a bhíonn sé sa bhaile. Féach chuige go mbíonn ar a laghad uair a chloig ann chun súgradh leis an bpáiste, scéal a insint dó nó gníomhaíocht éigin a dhéanamh i bpáirt leis. Agus tú féin i mbun obair an tí, nó ag déanamh rud éigin i bpáirt leis an bpáiste, bí ag caint leis.

Má tá Gaeilge ag an mbeirt agaibh…

Má tá Gaeilge ag an mbeirt agaibh, is féidir a shocrú gurb í an Ghaeilge an teanga a labhróidh sibh leis an bpáiste an t­-am ar fad. Ar an bhealach seo tá sibh ag féachaint chuige go mbeidh bunús maith Gaeilge ag an bpáiste sula dtagann sé faoi thionchar an Bhéarla. Tá sé tábhachtach Gaeilge a bheith á labhairt eadraibh féin an t-­am ar fad freisin mar go mbeidh an páiste ag sealbhú na Gaeilge trí bheith ag éisteacht le daoine eile ag labhairt Gaeilge chomh maith le bheith ag éisteacht le daoine ag labhairt leis féin.

Más tuismitheoirí sibh a chuir aithne ar a chéile trí Bhéarla agus más é an Béarla an gnáthmheán cumarsáide eadraibh go fóill seans go dtógfaidh sé tamall oraibh dul i dtaithí ar labhairt na Gaeilge. Ar an ábhar sin is fiú tréaniarracht a dhéanamh nós labhartha an Bhéarla a athrú go Gaeilge chomh luath agus a bheidh cinneadh déanta agaibh bhur gclann a thógáil le Gaeilge.

 Is é Glór na nGael an ceanneagraíocht atá freagrach as Gaeilge sa Teaghlach. 


Dáta uasdátaithe: Iúil 2023