Is éard atá i gceist le Naíonra ná grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa lá) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra. Cuirtear béim faoi leith ar fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, shóisialta, mhothúchánach agus teanga an pháiste. Déantar é seo trí mheán an spraoi agus na Gaeilge i dtimpeallacht atá sábháilte, spreagúil agus tacúil.
Tá Naíonraí bunaithe ar fud fad na tíre. Iniata, tá léarscáil déanta amach ag ‘Gaelscoileanna Teo’ leis an Naíonra is gaire duit a aimsiú: http://www.gaelscoileanna.ie/en/naionra-learscailCá bhfuil an Naíonra is cóngaraí dom?
Tá eagraíocht na Naíonraí Gaelacha ann chun gréasán de naíonraí a bhunú ar fud na tíre, chun comhordú a dhéanamh ar ghnóthaí na Naíonraí Gaelacha agus chun comhthuiscint an phobail a lorg ar aidhmeanna agus ar mhodhanna na Naíonraí Gaelacha. Is í Gráinne Uí Mhaolagáin atá mar Chathaoirleach na heagraíochta. Is féidir Naíonraí Gaelacha a aimsiú ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh chuig naionraigaelacha@gmail.comNa Naíonraí Gaelacha
Is eagraíocht í Gaelscoileanna Teo a thacaíonn leis an nGaeloideachas ó thaobh réamhscolaíochta, bunscolaíochta agus meánscolaíochta lasmuigh den Ghaeltacht de.Cad é Gaelscoileanna Teo?
Is eagraíocht tacaíochta reigiúnach í Altram do thionscadail oideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge. Bunaíodh sa bhliain 1990 é ag naíscoileanna i nDoire, i mBéal Feirste, in Ard Mhacha agus san Iúir. Cuireadh Altram ar bun chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail oideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge, caighdeán an tsoláthair oideachais san earnáil a fheabhsú, agus béim a chur ar thábhacht an tsoláthair sin trí mheán na Gaeilge. Oibríonn Altram go dlúth le naíscoileanna atá ann agus le naíscoileanna atá ag teacht chun cinn.Cad é Altram?
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhís luathoideachas leanaí a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na Naíonraí i gceantair Gaeltachta.Cad é Comhar Naíonraí na Gaeltachta?