Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Is féidir teacht ar gach Ciorcal Comhrá ar líne anseo.
Is iomaí Ciorcal Comhrá atá ar siúl ar fud na tíre, maraon le grúpaí pobail Ghaeilge, grúpaí siúil trí Ghaeilge agus foirne spóirt a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Tá grúpaí éagsúla in oiriúint do gach leibhéal agus cumas teanga. Tugann na ciorcail comhrá seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal iad nó cainteoir ó dhúchais atá ag iarraidh bualadh le daoine nua le Gaeilge acu. Creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil slua de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír – is leor beirt
Mar sin, cuireadh tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais Caint & Comhrá i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall an oileáin. Tá sé an-éasca grúpa nua Caint & Comhrá a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí
Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Is Leor Beirt, ó seo am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa tsuim sa teanga. Nuair atá am, áit agus sonraí teagmhála agat don chiorcal comhrá, seol na sonraí chuig: caint@cnag.ie nó is féidir imeachtaí a chlarú ar PEIG.ie féin
Is féidir teacht ar Chiorcal Comhrá i do cheantar fhéin ag baint úsáid as rannóg “Imeachtaí” ar phríomhleathanach PEIG.ie.
Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil le caint@cnag.ie.