Is scéim ghradaim í An Ghaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá Gael Linn i mbun na scéime sna scoileanna i bpáirt le Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Cén aidhm atá ag an nGaelbhratach?
Tá sí mar aidhm ag scéim na Gaelbhrataí scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach, taitneamhach.
Cuspóirí na Gaelbhrataí:
Go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil
Go spreagfar comhoibriú gníomhach idir na daltaí, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
Go mbeidh aitheantas ón bpobal ina bhfuil an scoil suite do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn
Cuspóirí na Gaelbhrataí don dalta:
Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le páirt ghníomhach a ghlacadh in úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin a fhoghlaim
Go mbeidh an dalta níos muiníne agus tiomanta leis an nGaeilge a úsáid, ní mar ábhar scoile nó teanga scoile amháin, ach níos mó mar rogha teanga ina s(h)aol pearsanta
Go mbeidh tuiscint níos fearr ag an dalta ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh den scoil
Cuspóirí na Gaelbhrataí don mhúinteoir:
Go mbeidh cúnamh agus tacaíocht ghníomhach ar fáil ón múinteoir do na daltaí le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
Go mbeidh na daltaí níos spreagtha leis an nGaeilge a fhoghlaim mar thoradh ar an obair ar fad
Go mbeidh an múinteoir nasctha le córas náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh tacaíocht ann don mhúinteoir de bharr seo
Cén fáth gur fiú do scoil páirt a ghlacadh?
Spreagfaidh An Ghaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina hiomláine
Cuirfidh An Ghaelbhratach le híomhá dhearfach na Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh den scoil
Cuirfidh An Ghaelbhratach na daltaí ar an eolas faoin saol Gaeilge lasmuigh den scoil
Beidh níos mó spéise ag na daltaí sa Ghaeilge
Spreagfaidh An Ghaelbhratach ceannaireacht i measc na ndaltaí
Cumasóidh An Ghaelbhratach na daltaí le gníomhú le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
Cruthóidh An Ghaelbhratach gréasán oibre idir na daltaí, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
Beidh a fhios ag daltaí agus ag foireann na scoile (agus ag mic léinn agus ag tuismitheoirí féideartha) go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge
Beidh páirt ag an scoil sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn
Nuair a chomhlíonfar na céimeanna go sásúil bronnfar An Ghaelbhratach ar an scoil. Beidh sé mar chomhartha aitheantais don obair ghníomhach ar fad a rinne an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
Conas is féidir linn clárú don Ghaelbhratach?
Más múinteoir tú agus má tá suim ag do scoilse páirt a ghlacadh sa Ghaelbhratach, déan teagmháil le Gael-Linn ag andrea@gael-linn.ie nó téigh go https://gaelbhratach.ie/