Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seo daoibh roinnt comórtas de chuid Bhliain na Gaeilge. Ar chuir tú isteach ar aon cheann acu go fóill?



An bhfuil aon amhrán gaelach ar eolas ag do rang? Comórtas iontach é seo atá á reáchtáil le bunscoileanna agus le hiarbhunscoileanna mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Déan físeán ceoil ar nós Choláiste Lurgan nó CEOL 2018 agus bíodh an-craic agat.

Glacfar le hiarratais go dtí an 26 Deireadh Fómhair (an Aoine roimh an briseadh meán-téarma). Ní gá ach an rang a thaifead ag canadh agus an físeán a sheoladh ag bnag@cnag.ie. Tuilleadh eolais anseo.






An mac léinn tríú leibhéal tú? Tá Bliain na Gaeilge ag reáchtáil comórtas físiúil le scéal instagram a chruthú as Gaeilge agus an príomhduais ná iPhoneX! Ina dhiaidh sin beidh síntiúis bhliana do Netflix agus Spotify don dara agus don tríú áit.

Ní mór duit @gaeilge2018 a leanúint ar instagram agus ansin iad a chlibeáil i do scéal. Tuilleadh eolais anseo.


 


I measc na gcomórtas atá ann i mbliana tá ceann ar leith dírithe ar na hógchlubanna éagsúla lonnaithe ar fud fad an oileáin. Comórtas taithneamhach difiriúil atá ann, ina bhfuil gá sonóg a dhéanamh le chéile, sonóg a bhfuil a phearsantacht agus scéal féin aige!

Bain úsáid as ábhar gur féidir leat teacht air go furasta: páipéar, marla, adhmad - rud ar bith faoin spéir. Gheobhaidh an buaiteoir turas go ionad eacraíochta don ghrúpa ar fad. Nach iontach an duais é sin? Tá turas le buachan ag ógchlub i ngach cúige den tír. Tapaigh an deis anois! Tuilleadh eolais anseo.



Tá taispeántas speisialta á chur le chéile, an féidir le do scoil cabhrú leis? Beidh an taispeántas seo ar oscailt don phobal agus táthar ag iarraidh go mbeidh do scoil páirteach sa tionscadal le léiriú, i mbealach tarraingteach, an macnamh atá á dhéanamh againn ar an nGaeilge sa lá atá inniu.

Tá rogha de ghníomhachtaí idir agallaimh, drámaíocht, suirbhéanna agus eile a bhaineann le téamaí ar nós Gaeilge sa scoil, stair na Gaeilge, an Gaeltacht, séirbhísí Ghaeilge agus go leor leor eile. Tuilleadh eolais anseo.



Gach mí roghnaítear Focal na Míosa do Bhliain na Gaeilge. Coimeád súil ar na leathanaigh s’acu ar Instagram, Facebook agus Twitter leis an eolas is déanaí a fháil. Athraíonn an nasc ag an gcomórtas seo gach mí, agus beidh veain champála ar feadh seachtaine le buachan ag duine amháin ag deireadh an chomórtais ar fad. Cuir isteach air anseo.

Faigheann an buaiteoir gach mí dearbhán One4All ar luach €100!