An Ghaeltacht
Baintear úsáid as an téarma ‘Gaeltacht’ le cur síos a dhéanamh ar na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ag mórchuid den phobal. Tá na ceantair seo sainithe ag orduithe Rialtais. Tugtar aitheantas don fhíric go bhfuil gá le bearta, struchtúir agus maoiniú ar leith le cúnamh agus cuideachta a thabhairt do na ceantair seo ionas gur féidir leo feidhmiú trí Ghaeilge agus a gcuid féiniúlachta a choinneáil slán. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh pobal ann ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus go mbeidh tacaíocht ann dóibh siúd atá ina gcónaí ann ionas gur féidir leo gnóthlachtaí agus teaghlaigh a bhunú agus a stiúradh trí mheán na Gaeilge.
Tá ceantair Ghaeltachta i gcodanna leathana de Chontae Dhún na nGall, Chontae Mhaigh Eo, Chontae na Gaillimhe agus Chontae Chiarraí – iad uile ar an gcósta thiar – chomh maith le codanna de Chontae Chorcaí, Chontae na Mí agus Chontae Phort Láirge. Chomh maith leis sin, tá oileáin Ghaeltachta ann. Is é daonra iomlán na Gaeltachta ná 96,090 (Daonáireamh, Aibreán 2016). Tá thart ar 15,300 den daonra seo ina gcónaí laistigh de bhruachbhailte nua chathair na Gaillimhe.
Contae Dhún na nGall
Is é Dún na nGall an contae is faide siar ó thuaidh in Éirinn. Áirítear Leitir Ceanainn, Bun Cranncha agus Baile Dhún na nGall mar phríomhbhailte. Tá Gaeltachta Dhún na nGall lonnaithe den chuid is mó in iarthar an chontae le cósta.
Tá geilleagar láidir i nDún na nGall. I measc na dtionscal agus na hearnálacha atá ar fud an chontae tá déantúsaíocht, táirgí leighis agus sláinte, innealtóireacht, próiseáil bia agus teicstíle ar ndóigh.
Contae Mhaigh Eo
Tá contae Mhaigh Eo lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann i gCúige Chonnacht. Tá trí bhaile mór sa chontae ar a bhfuil freastal á dhéanamh ag gréasán bóthair atá ag dul i bhfeabhas, mar aon le seirbhísí iarnróid agus bus agus Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire.
Is í an talmhaíocht príomhfhoinse fostaíochta Mhaigh Eo fós. Is iad an déantúsaíocht agus an innealtóireacht na príomh thionscail, ag táirgeadh beachtuirlisí go trealamh feirmeoireachta go cógaisíocht le comhlachtaí ilnáisiúnta. Is é an turasóireacht an príomh thionscal seirbhísí sa chontae.
Contae na Gaillimhe
Tá Contae na Gaillimhe, an dara Contae is mó sa tír, lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann. Tá geilleagar láidir áitiúil i gContae na Gaillimhe agus raon leathan earnálacha gnó ag feidhmiú sa Chontae, ina n-áirítear an tionscal déantúsaíochta, turasóireachta, miondíola agus dáileacháin, oideachas agus seirbhísí ina n-áirítear airgeadais, tógáil, cultúr agus proifisiúnta. Tá an earnáil bhithleighis ach go háirithe an-láidir i nGaillimh le roinnt de na comhlachtaí bithleighis is mó sa tír lonnaithe ann.
Clúdaíonn Gaeltacht na Gaillimhe codanna fairsinge de Chontae na Gaillimhe, in iarthar an Chontae don chuid is mó, agus is é an ceantar Gaeltachta is mó agus is mó daonra sa tír.
Contae Chiarraí
Tá Contae Chiarraí lonnaithe ar thaobh thiar theas na hÉireann. Is é Trá Lí príomhbhaile an chontae.
Tá geilleagar láidir i gCiarraí. I measc na dtionscal agus na n-earnálacha atá ar fud an Chontae tá déantúsaíocht, táirgí leighis agus sláinte, innealtóireacht agus próiseáil bia. Tá an tionscal iascaireachta fós láidir agus tá tionscal rathúil uisceshaothrú ann freisin.
Tá dhá cheantar Gaeltachta i gContae Chiarraí, Corca Dhuibhne atá lonnaithe i leithinis Dhaingean Uí Chúis agus Uíbh Rathach i leithinis Uíbh Ráthaigh. Is é Daingean Uí Chúis príomhbhaile leithinis Dhaingean Uí Chúis, agus Baile na Sceilge príomhbhaile Uíbh Ráthaigh.
Contae Chorcaí
Tá Contae Chorcaí, an Contae is mó in Éirinn, lonnaithe in iardheisceart na tíre. Tá bonn láidir geilleagrach ag Corcaigh le hinfheistíocht mhór choigríche dhíreach in earnálacha dhinimiciúil ar nós teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, cógaisíochta, áiseanna maith oideachais tríú leibhéal agus aerfort nua-aimseartha.
Tá Muscraí, Gaeltacht Chorcaí, ina bhfuil Baile Bhuirne ó thuaidh agus Béal Átha an Ghaorthaidh ó dheas, lonnaithe ó thuaidh de chathair Chorcaí. Tá Gaeltacht Oiléan Chléire lonnaithe amach ó chósta iarthar Chorcaí.
Contae na Mí
Lonnaithe ó thuaidh go Bhaile Átha Cliath ar chósta thoir na hÉireann, ofrálann Contae na Mí meascán maith rochtain ar nóid thábhachtacha iompair agus cumarsáide do thionscail. Tá sé gar do phríomh institiúidí tríú leibhéal na hÉireann, tá fórsa oibre le hardscileanna agus ardoideachas ann, agus infreastruchtúr d’ardchaighdeán. Is é an déantúsaíocht an príomh thionscal i gContae na Mí le béim ar throscán d’úsáid baile agus tráchtála. San áireamh i ndéantúsaíocht eile tá innealtóireacht ginearálta, táirgeadh beatha agus bácáil, ábhar tógála agus cairpéid.
Tá Gaeltacht na Mí, an Ghaeltacht is lú, lonnaithe gar do bhaile na hUaimhe i lár Chontae na Mí.
Contae Phort Láirge
Tá Contae Phort Láirge lonnaithe ar chósta theas na hÉireann. Is é Port Láirge an príomhchathair. Is láthair gnó den scoth é Port Láirge agus tá seo léirithe sa raon comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta d’ard phróifíl atá sa Chontae. Tá raon leathan earnálacha ina n-áirítear miondíoltóireacht, sláinte, bithchógaslann agus cógaisíocht, seirbhísí comhroinnte agus turasóireachta ag feidhmiú sa Chontae.
Tá Gaeltacht Phort Láirge (nó Gaeltacht na Rinne mar a thugtar air) suite sé mhíle siar ó Dhún Garbhán. Gaeltacht bheag í seo a thógann san áireamh Rinn Ua gCuanach agus an tSean Phobal.
Tuilleadh eolais anseo