Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí

Tá an-chabhair ar fáil do ghnólachtaí atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid eatarthu féin agus lena gcustaiméirí. Seo achoimre ar na heagraíochtaí atá ag soláthar cúnamh agus comhairle, agus is cinnte go bhfuil níos mó ar fáil go háitiúil. Má tá eolas breise agat, cuir chugainn é ag peig@cnag.ie agus cuirfimid an t-eolas leis an liosta seo a bheas le fáil go gairid inár mbunachar eolais.

Agus má tá amhras ort fós faoi na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge i gcúrsaí gnó,  b’fhéidir go gcabhródh an t-alt seo leat, le 10 bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid.

Údarás na Gaeltachta

Tá sé mar dhualgais ag an Údarás an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga bheo trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh, agus de bharr sin, níl aon amhras go bhfuil an-chuid tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí uathu.  Féach ar shuíomh idirlín an Údaráis chun níos mó eolais a fáil ar na moltaí, comhairle, cúrsaí, tacaíocht airgeadais, áitribh, deontais agus níos mó atá ar fáil acu chun gnó a thosú, a fhorbairt, a leathnú nó a lonnú i gceantar Gaeltachta.

Foras na Gaeilge

Oibríonn Foras na Gaeilge leis an earnáil ghnó phríobháideach, ag tabhairt tacaíocht phraiticiúil dóibh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnóthaí. Foilsíonn Foras na Gaeilge taighde agus treoir maidir le dea-chleachtas i réimse an ghnó, a chuireann siad ar fáil ar a shuíomh. Is é a thionscadal ‘Gnó Means Business’ atá mar fhoinse lárnach eolais ar an nGaeilge i gcomhthéacs na hearnála gnó i gcoitinne. Féach ar na háiseanna, ábhair, eolais agus tacaíochtaí atá ar fáil acu anseo.

scéimeanna maoinithe áirithe acu freisin a dhíríonn ar riachtanais gnóthaí, cosúil leis na cinn seo a leanas. Ní bhíonn scéimeanna an Fhorais oscailte ach ar feadh tréimhse áirithe sa bhliain de ghnáth:

  • An Ciste Tionscadail. Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gCiste Tionscadal. Is ciste é seo atá dírithe ar réimsí oibre agus tionscadail nach bhfuil clúdaithe faoi scéimeanna Fhoras na Gaeilge agus tá idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 ar fáil mar dheontas.
  • Scéim Tacaíochta Gnó. Tacaíonn an scéim seo le fiontair thrádála bheaga agus mheánmhéide an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite. Beidh gnólachtaí incháilithe i dteideal suas go 50% den chostas iomlán a lorg tríd an scéim seo.
Glór na nGael

Cuireann Glór na nGael tacaíocht, cuidiú agus aitheantas ar fáil do ghnólachtaí atá, nó gur mhaith leo, an Ghaeilge a úsáid mar chuid den ghnó acu, nó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Cuid lárnach den soláthair a dhéanann Glór na nGael d’earnáil an ghnó ná an scéim GRADAIM. Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Comhartha aitheanta ar an dea-chleachtas maidir le húsáid na Gaeilge sa ghnó é an gradam seo – féach ar an liosta de bhuaiteoirí 2022 anseo. Tá buaiteoirí an bonn óir agus airgid uilig le feiceáil ar eolaire gnó PEIG.ie, mar shampla POTA Café.

Go Réigiúnach

Tá tacaíochtaí ar fáil go réigiúnach freisin. Féach thíos ar liosta d’eagraíochtaí cabhrach réigiúnach:

  • Gaillimh le Gaeilge. Cuireann siad moltaí, tacaíocht, comhairle, aistriúcháin, fógraíocht, dea-chleachtas dearaí, frásaí, comharthaí agus níos mó ar fáil do ghnóthaí na háite. Eagraíonn siad Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh freisin, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile, chun gnóthaí agus eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnó laethúil a ceiliúradh, agus tugann sé aitheantas don sár-obair atá ar bun acu.
  • Líonra Leitir Ceanainn. Tá a ngradam gnó féin, Gnó le Gaeilge, ag an Líonra. Téigh i dteagmháil leo chun níos mó a fháil amach faoina dtogra Gnó & Gaeilge.
  • BÁC le Gaeilge. Tá an-chúnamh, tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ón bhfoireann seo do ghnóthaí na príomhchathrach. Féach anseo chun níos mó eolais ar a ciste tacaíochta, agus níos mó.
  • Gnó Mhaigh Eo. Tá spreagadh agus tacaíocht ar fáil ón bhfoireann seo freisin. Téigh i dteagmháil leo chun níos mó eolais a fháil.
  • Cill Dara le Gaeilge. Faoin scéim Gnó Chill Dara, cuirtear comhairliúchán saor in aisce ar fáil do ghnólachtaí sa chontae atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn agus tugtar cabhrú dóibh iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí nua chun a ngnó a chur chun cinn – an bealach le feachtais mhargaíochta shaincheaptha a rith, mar shampla, agus úsáid á baint as ardáin ar líne agus as na meáin shóisialta. Tugtar tacaíocht do ghnólachtaí nasc a chruthú le pobal a úsáideann an Ghaeilge go rialta nó a bhfuil spéis acu sa teanga. agus forbairt á déanamh ar a ngnó.
  • Skillnet Ireland. Tá cúpla gréasán ar a laghad ag baint leis an nGaeilge go háirithe acu, cosúil le South West Gnó, agus Gréasán na Meán anseo.
  • Comhairlí Contae agus Cathrach. Bíonn eolas agus tacaíocht acu uaireanta, cosúil leis an leathanach seo ar Ghaeilge sa Ghnó ar shuíomh chomhairle Phort Láirge. Is fiú fiosrú le do chomhairle áitiúil ar na tacaíochtaí atá ar fáil.
  • Oifigí Fiontair Áitiúla. Aimsigh an oifig is gaire duit anseo.

Tuilleadh moltaí agaibh? Cuir chugainn iad!

Áiseanna Eile