Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Éire ar líne – léargas ar úsáid na n-ardán sóisialta

Éire ar líne – léargas ar úsáid na n-ardán sóisialta

Tá fás ollmhór tagtha ar úsáid na meán sóisialta le cúig bliain anuas agus tá Éire lonnaithe i gcroílár an fháis sin. Tá na céadta comhlacht teicneolaíochta amuigh ansin a bhfuil oifigí agus láithreacht acu sa tír seo agus tá fáilte mór á chur rompu le tamall de bhlianta anois.

Bíonn muintir na tíre seo an-tógtha leis na hardáin seo agus dar leis na staitisticí is déanaí atá ar fáil go poiblí tá an caidreamh ag éirí níos dlúithe in imeacht ama. Ach fiú i gcás gnéithe níos bunúsaí, rochtain idirlín cuir i gcás, is léir go bhfuil muintir na hÉireann ag éirí níos cairdiúla leis an teicneolaíocht trí chéile.

Tá cúpla fáth leis an bhforbairt seo agus ceann mór acu ná go bhfuil fón cliste nó rochtain ar fhón cliste ag 93% de thomhaltóirí in Éirinn dar le taighde Deloitte. Tugann an rochtain seo deis do mhuintir na tíre teacht ar an idirlíon níos mó agus níos minice ná riamh cheana.

De réir na staitisticí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ón mbliain 2018 tá rochtain ar an idirlíon ag 89% de theaghlaigh sa tír. Seo méadú 17% ón mbliain 2010.

Tá an treocht chéanna seo le feiceáil i gcomhthéacs na n-ardán sóisialta in Éirinn chomh maith – táimid ag éirí níos gafa leo bliain i ndiaidh bliana. Dar leis bPríomh-Oifig Staidrimh, baineann 73% de dhaoine as an 89% a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon úsáid as líonraithe sóisialta.

Tá borradh suntasach faoi lánseol i láthair na huaire mar gheall ar ardáin shóisialta nua ag teacht ar an bhfód. Cé go bhfuil stádas na n-ardán seanbhunaithe slán: FacebookTwitterInstagram cuir i gcás, tá ardáin a bhfuil béim éagsúil acu ag teacht ar an saol agus ag tabhairt dúshlán ceart do na hiomaitheoirí eile san earnáil. Feictear dúinn i dtaighde Deloitte go bhfuil 68% de dhaoine san aoisghrúpa idir 18-24 ag breathnú ar fhíseáin bheo agus scéalta ar na hardáin shóisialta, gné a dhéanann na hardáin sheanbhunaithe uilig freastal uirthi go mór mór.

Tá leithéidí PinterestTinder agus LinkedIn anois ag éirí níos mó agus ag cur brú ar na hardáin eile rogha níos leithne a chur ar fáil. Tá muintir na hÉireann chun tosaigh ar na hardáin seo chomh maith dar le taighde Ipsos MRBI. Tá cuntas Pinterest agus LinkedIn ag os cionn 20% de mhuintir na hÉireann a bhfuil rochtain idirlín acu agus 5% a bhfuil cuntas Tinder acu. Anuas air sin de réir suirbhé faoi theachtaireachtaí sóisialta, tá cuntas Whatsapp ag 71% de dhaoine fásta (15+) in Éirinn. Seo méadú 22% (49% go 71%) idir 2016 agus 2018. Is léir go mbeidh fás leanúnach ag teacht ar na céatadáin seo i gcaitheamh na haimsire.

Bíonn ré ag gach ardán – MySpace agus Bebo cuir i gcás nár éirigh leo iad féin a bhuanú. Imíonn cinn áirithe agus tagann cinn nua chun cinn. Ach fanann gné amháin chroílárnach linn fiú agus ardáin ag teacht agus ag imeacht – gur maith linn a bheith nasctha agus i dteagmháil le daoine eile sa domhan fíorúil ar an idirlíon. Agus beidh an tréith sin linn go síoraí ón am seo amach.

Fóinsí

An Phríomh-Oifig Staidrimh 2018

Social Networking Tracker, November 2017, Ipsos MRBI 

Mobile Consumer Survey 2018: The Irish Cut, Deloitte

Social Messaging Tracker, June 2018, Ipsos MRBI 

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge
Register for the PEIG.ie newsletter

PEIG Newsletter

Sent every morning at 9am.