Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Titim ar líon na ndaoine a rinne an Ghaeilge don A-Leibhéal ó thuaidh
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-titim-ar-lion-na-ndaoine-a-rinne-an-ghaeilge-don-a-leibheal-o-thuaidh

Titim ar líon na ndaoine a rinne an Ghaeilge don A-Leibhéal ó thuaidh

Fuair 51.9% de na daoine a rinne Gaeilge do na scrúduithe A-Leibhéal ó thuaidh ceann den dá ghrád is airde atá ann, A* agus A.

291 duine a rinne an scrúdú Gaeilge i mbliana, 1% den líon iomlán daoine a rinne na scrúduithe A-Leibhéal. Tháinig laghdú 12% ar líon na ndaoine a rinne Gaeilge i mbliana i gcomparáid le 2018, bliain ina ndearna 332 duine Gaeilge.

55.1% a fuair A* nó A anuraidh.

I mbliana rinne níos mó ná a dhá oiread cailíní ná buachaillí an scrúdú Gaeilge agus is fearr a d’éirigh leis na cailíní chomh maith.

Fuair 56.2 den 201 cailín a thug faoin scrúdú Gaeilge A* nó A. 90 buachaill a rinne Gaeilge don A-Leibhéal agus níos lú ná leath acu, 48.9%, a fuair ceann den dá ghrád is airde.

Ní raibh an bhearna idir na cailíní agus na buachaillí chomh mór sin anuraidh. In 2018 fuair 53.2% den 122 buachaill a rinne an scrúdú Gaeilge A* nó A. 210 cailín a rinne Gaeilge anuraidh agus fuair 56.2% acusan ceann den dá ghrád is airde.

I mbliana fuair 7.9% A*, an grád is airde, i gcomparáid le 9.6% anuraidh.

80.4% de na hiarrthóirí a fuair A*, A nó B sa Ghaeilge.

Thart ar 28,000 duine a fuair a torthaí A-Leibhéal nó AS-Leibhéal sna sé chontae.

Tháinig laghdú breis is 2% ar líon na ndaoine a thug faoi na scrúduithe A-Leibhéal i mbliana ach bhí laghdú i bhfad níos mó i gceist i gcás na Gaeilge agus na dteangacha eile, seachas an Spáinnis.

An dream a fuair a gcuid torthaí A-Leibhéal inné rinne siad scrúduithe an AS-Leibhéal anuraidh. In 2018 bhí 436 duine ag gabháil don Ghaeilge AS-Leibhéal, rud a fhágann nár lean 145 duine leis an nGaeilge A-Leibhéal.

I mbliana 397 duine atá ag gabháil don Ghaeilge AS-Leibhéal – 112 buachaill agus 285 cailín – rud a fhágann gur dócha go mbeidh titim eile ar líon na ndaoine a dhéanann an Ghaeilge don A-Leibhéal in 2020.

Maidir leis an Bhreatnais, rinne 259 duine sa Bhreatain an scrúdú Breatnaise do chainteoirí dúchais agus 348 a rinne an scrúdú d’fhoghlaimeoirí Breatnaise.

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge