Bhí neart imeachtaí agus siamsaíochta ag Féile Joe Éinniu 2019 i gCarna, Conamara, ag an deireadh seachtaine. Bhí an-tóir go deo ar albam nua, ‘Lán Mara’, ón Árannach agus amhránaí sean-nóis mór le rá Treasa Ní Mhiolláin. Cló Iar-Chonnacht a d’eisigh é. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Lillis Ó Laoire ag canadh ag seisiún amhránaíochta Tigh Mhóráin
Treasa Ní Cheannabháin ag seoladh albam nua ‘Lán Mara’ leis an amhránaí as Inis Mór, Treasa Ní Mhiolláin. Is iad Cló Iar-Chonnacht a d’eisigh
An slua i láthair ag seoladh albam nua Threasa Ní Mhiolláín
Treasa Ni Cheannabháin ag léamh dán a chum Máirtín Ó Díreáin in ómós don amhránaí Treasa Ní Mhiolláin
Máire Ní Chéilleachair, buaiteoir Chorn Uí Riada 2018, ag an seoladh. Ba í Treasa Ní Mhiolláín a thug léi an chéad Chorn Uí Riada riamh, i 1972
Treasa Ní Mhiolláín lena halbam nua, ‘Lán Mara’
Gaolta agus cairde Threasa Ní Mhiolláin as Inis Mór. Chun tosaigh ó chlé: Áine Uí Thuathail, Tomás Ó Miolláin, deartháir Threasa; Treasa Ní Mhiolláin féin, Mairéad Ní Fhatharta agus Eimear Concannon. Ar chúl: Treasa Ní Cheannabháin, a sheol ‘Lán Mara’, Deirdre Ní Chonghaile, Pauline agus Seán Browne
Seosamh agus Baba de Búrca, Dubhithir, agus Áine Ní Cheannabháin, Aill na Brón
Taispeántas pictiúr as Conamara le TS Róiste in Ionad na nImirceach, Carna. As na Stáit Aontaithe dó ach as Bior Mór, oileán ar chósta Iorras Aithneach a mhuintir ó dhúchas
Gerard Napion, Doncaster, agus Criostóir Ó hAonghuis, Lios Dúin Bhearna, Tigh Mhóráin
Roy Hamilton agus Dusty Keleher, Halifax, Albain Nua
Micheál Ó Cuaig a bhí ina fhear an tí ag seisiún amhránaíochta Tigh Mhóráin, Dé Sathairn
Fíorshuim sna hamhráin
Mairéad Ní Fhlatharta ag amhránaíocht
Gerry Shannon, Co an Chláir ag gabháil fhoinn Tigh Mhóráin
Vanessa Gonzalez, Barcelona; Niamh Ní Chuaig, Aill na Brón; Pamela Gonzalez, An Airgintín agus Paola Ancibar, Uragua
Martin Maher, Baile Átha Cliath agus Seán McLaughlin, Baile Chláir an Gaillimhe
Máire Ní Chéilleachair ag gabháil fhoinn Tigh Mhóráin
Róísín Elsafty ag rá amhráin