Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<div-class="credit-tuairisc"></div>-toghchain19-–-ce-a-bheas-ag-ceiliuradh-i-gconamara-theas?

Toghcháin19 – cé a bheas ag ceiliúradh i gConamara Theas?

Toghcheantar: Conamara Theas

Líon na suíochán: 5

An 11 iarrthóir: Criostóir Breathnach, Ros Muc (Nspl); Daithí Ó Cualáin, Indreabhán (FF); An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (RSF), Bearna; Patrick Feeney (Nspl), Riverside, Gaillimh; Ann Flaherty (FG), Ceantar na nOileán; MacDara Hosty (FF), Bearna; Máirtín Lee (FF), Ceantar na nOileán; Pádraig Joe Joe Mac An Iomaire(FF), Na Doireadha; Alastair Mc Kinstry (Comhaontas Glas), Maigh Cuilinn; Kevin O Hara (SF), An Spidéal agus An Comhairleoir Noel Thomas (FF) ó Mhaigh Cuilinn.

Toghcheantar nua é seo, a cruthaíodh nuair a briseadh suas Conamara chun Conamara Theas, le cúig shuíochán, agus Conamara Thuaidh, le ceithre shuíochán, a dhéanamh de.

Tá taithí ag beirt de na hiarrthóirí, Tomás Ó Curraoin (RSF) agus Noel Thomas (FF) ar an gcomhairle contae. Tá an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg (FF) ag éirí as. Ón teailí in 2014 bhí thart ar 800 vóta ag Cathaoirleach na comhairle idir Cois Fharraige, An Cheathrú Rua agus Oileáin Árann. Tá Ó Tuairisg ag tacú an uair le Dáithí Ó Cualáin, a sheas mar iarrthóir neamhspleách in 2014 nuair a fuair sé 440 vóta. Má éiríonn leis an gCualánach ar a laghad leath de na vótaí a bhí ag Seán Ó Tuairisg i gCois Fharraige a tharraingt chuige féin chomh maith le codán maith de na vótaí a bhíodh ag an gComhairleoir Seosamh Ó Cualáin sa gCeathrú Rua a fháil, ba chóir go mbeadh sé in ann suíochán a ghnóthú.

Beidh suíochán amháin ar a laghad ag Fine Gael. Tá aithne phearsanta ag daoine ar Phádraig Joe Joe Mac An Iomaire ar fud an cheantair agus dá bharr sin tá mé den bharúil gur aige a bheas sé. Tá dhá bhuntáiste ag Ann Flaherty a chabhróidh go mór léi. Is í an t-aon bhean atá san iomaíocht sa dtoghcheantar agus tá sí ag obair in oifig Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i Maigh Cuilinn agus teagmháil aice le go leor le daoine ar fud an toghcheantair.  Le fanacht sa rása go dtí an deireadh bheadh uirthi a bheith chun cinn ar Noel Thomas (FF) nó ar Mháirtín Lee (FF), agus aistriúchán maith a fháil uathu dá gcuirfí ceachtar acu as an gcomhaireamh. Ach ní fheicim sin ag tarlú, mar go mbeidh an ceathrú duine ag Fianna Fáil ag fanacht ar vótaí chomh maith.

Chaill Máirtín Lee (FF) suíochán in 2014 le 79 vóta. Dá mbeadh 80 vóta breise tugtha dó bheadh sé ina chomhairleoir anois in áit Noel Thomas (FF). Is cinnte go bhfuil sin á lua aige agus é ag canbhasáil i gCeantar na nOileán agus sa gCeathrú Rua. Tá sé suntasach go bhfuil fógra crochta aige ag Droichead Chasla leis an dteachtaireacht láidir gan an ceantar siar ó Abhann Chasla a fhágáil gan aon chomhairleoir. Ar an mbonn sin, ceapaim go bhfaighidh sé na vótaí breise atá uaidh le suíochán a thógáil.

Is iontach an bealach a n-éiríonn le Tomás Ó Curraoin (RSF) a shuíochán a choinneáil. Is branda polaitiúil é Sinn Féin Poblachtach nach mbeifeá ag súil go mbeadh tacaíocht mhór aige i measc na meánaicme ach is ag Tom Jim is mó a bhí vótaí i mboscaí Bhearna (280) in 2014. Beidh MacDara Hosty san iomaíocht leis do na vótaí sin an uair seo arís. Níor éirigh le fear Fhianna Fáil vótaí a mhealladh chuige féin taobh amuigh de Bhearna in 2014, agus ní raibh aige sa gcéad chomhaireamh ach 345 vóta. Theastódh uaidh an vóta sin a dhúbailt le seans ar bith a bheith aige.

Má fhanann an Curraoineach chun cinn ar Kevin O Hara (SF) is féidir leis a bheith ag súil le haistriú maith ó fhear Shinn Féin. Le bheith sa rása ag an deireadh bheadh ar Kevin O’ Hara 300 vóta ar a laghad a chur leis an 627 vóta céadrogha a fuair Máirín Mhic Lochlainn (SF) in 2014. Ní fheicim sin ag tarlú sa toghchán seo ach mar sin féin d’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht don chúigiú suíochán le Ann Flaherty (FG) nó le Noel Thomas (FF). Caithfear a chur san áireamh go mba í Ann Flaherty an tríú bean a roghnaigh Fine Gael le dul san iomaíocht ar an dticéad in éindí le Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, tar éis gur tharraing beirt eile siar, an Comhairleoir Niamh Byrne ar dhuine acu. Ba cheart go bhfaigheadh Ann Flaherty (FG) cuid mhaith den vóta Fhine Gael a bhí ag an gComhairleoir Niamh Byrne (FG) thart ar Maigh Cuilinn cúig bliana ó shin agus má fhaigheann beidh sí san iomaíocht go dtí an deireadh.

Tá a dhóthain vótaí i gceantar Mhaigh Cuilinn le duine amháin ar a laghad a thoghadh. Fuair Séamas Walsh (FF) agus Tom Welby (Nspl) slám deas vótaí i gceantar Mhaigh Cuilinn in 2014. Níl ceachtar den bheirt acu san iomaíocht i gConamara Theas – roghnaigh an bheirt Conamara Thuaidh  – ba cheart go mbeadh a dóthain vótaí ann don Chomhairleoir Noel Thomas (FF) lena chur thar an líne, más ar éigean é.

Ní fheicim go mbeidh mórán thar 200 vóta ag Alastair McKinstry (Glasaigh) agus beidh Criostóir Breathnach (Nspl) agus Patrick Feeney (Nspl) ag déanamh go maith má fhaigheann ceachtar acu 100 vóta.

Faisnéis: Pádraig Mac An Iomaire (FG), Máirtín Lee (FF), Tomás Ó Curraoin (RSF), Daithí Ó Cualáin (FF) agus Noel Thomas (FF)

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Donncha Ó hÉallaithe