‘Naíscoil na Seolta’ an t-ainm a bheas ar an chéad naíscoil chomhtháite Ghaeilge atá le bunú in Oirthear Bhéal Feirste an bhliain seo chugainn.
Agus ainm na naíscoile úire fógartha ag an ghníomhaí Gaeilge Linda Ervine, dúirt sí go raibh ‘forbairt leanúnach’ á déanamh ar na pleananna don naíscoil Ghaeilge.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie dúirt Irvine, atá ina stiúrthóir ar chúrsaí Gaeilge in ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste go bhfuil ‘bóthar fada’ roimh choiste an ghaeloideachais sa cheantar ach go raibh súil acu go n-osclófar Naíscoil na Seolta i Meán Fómhair 2020.
“Anois tá ainm agus lógó againn don naíscoil úr agus beidh an t-ionad á fhógairt go luath chomh maith,” arsa Irvine.
Is nod d’oidhreacht na longtógála in ‘Harland and Wolff’ in Oirthear Bhéal Feirste é ainm ‘Naíscoil na Seolta’ agus beidh íomhá den chrann tógála aitheanta buí le feiceáil ar shuaitheantas na gcultacha scoile.
Dúirt Linda Ervine gurb é bunú na naíscoile “an chéad chéim i dtreo bunscoil chomhtháite Ghaeilge a bhunú sa cheantar” agus go raibh “aischothú thar a bheith dearfach” faighte ó mhuintir an cheantair don Ghaeloideachas comhtháite.
“Níl a leithéid de rud ann in Oirthear Bhéal Feirste agus scoil Ghaeilge nó scoil chomhtháite. Más maith leat fáil a bheith agat ar an dá earnáil sin caithfear taisteal taobh amuigh den cheantar.”
“Beart ciallmhar a bheadh earnáil na Gaelscolaíochta agus an earnáil chomhtháite a tharraingt le chéile in Oirthear Bhéal Feiste,” a dúirt Ervine.
Dúirt sí go raibh sí ag déanamh go mbeadh “an-rath” ar an togra seo.
Thug Ervine le fios go raibh ainmneacha páistí curtha ar liosta feithimh na naíscoile cheana féin agus dúirt sí go gcuirfí fáilte go luath roimh thuismitheoirí ar mian leo a gcuid páistí a chlárú chun freastal ar Naíscoil na Seolta.
Cuireadh tús leis an choiste chun an Gaeloideachas a fhorbairt in oirthear Bhéal Feirste mí na Nollag seo caite. Is iad Comhairle Thuaisceart Éireann um Oideachas Comhtháite (NICIE) agus Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) an dá eagraíocht is mó atá ag tacú leis an fhiontar.
“Seo an chéad uair ar tháinig an dá dhream seo le chéile agus tá siad ag iarraidh go mbeidh rath ar an togra,” a dúirt Linda Ervine.