Imeacht Unison
Tá níos mó ná dhá bhliain imithe ó bhí tionól againn i dTuaisceart na hÉireann agus cearta daonna na ngrúpaí mionlaigh ag fulaingt dá dheasca sin.
Seoladh forógra atá bunaithe ar chearta le déanaí ag an Equality Coalition a iarrann ar an fheidhmeannas comhrointe cumhachta filleadh ar an obair. Tá idir ionadaí ón Chiste um Riar an Chirt agus ó UNISON mar chuid den chomrialtas ar sheoladh an forógra i dTeach Gaillimh i mBéal Feirste agus chuala muid óna gcuid urlabhraithe ar an lá, Daniel Holder agus Patricia McKeown.
Dhírigh an tOllamh Colin Harvey ó Ollscoil na Banríona ar na himpleachtaí a chruthaíonn an Breatimeacht dúinn agus dár gcuid cearta daonna anseo ó thuaidh agus d’iarr sé ar aoíchainteoir an lae agus Scáth-Rúnaí Stáit, Tony Lloyd, na torthaí seo a mheas.
Chuala muid ó ghrúpaí mionlaigh éagsúla ag an imeacht a bhfuil a gcearta daonna á séanadh orthu, An Dream Dearg san áireamh. Cuireann an forógra béim ar na miongrúpaí seo agus moltar ann go mbeadh cearta daonna mar chroílár na cainte idir na bpáirtithe uilig.
Rinne Tony Lloyd ó Pháirtí an Lucht Oibre tagairt do na cainteanna atá ar siúl i gCnoc an Anfa faoi láthair i measc na gComhaltaí den Tionól Reachtach. Ag deireadh na himeachta, bhí idirphlé traspháirtí ag roinnt de na CTR ón Pháirtí Glas, Páirtí na Comhghuaillíochta, Sinn Féin, Alliance, UUP agus ón SDLP. Ní raibh ionadaithe ón pháirtí DUP i láthair ar an lá.
Seoladh an forógra ar aghaidh chuig idir Rialtas na Breataine agus chuig Rialtas na hÉireann agus tá súil ag an Equality Coalition bualadh leo go luath.