Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-goitse,-loinneog-lunasa-+-imeachtai-eile

Goitse, Loinneog Lúnasa + imeachtaí eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Sibéal Ní Chasaide, seoladh albaim // The Black Door, Sráid Fhearchair, BÁC, Dé hAoine 2 Lúnasa @ 18:00

Táim ag súil go mór le tuilleadh a chlos ó Shibéal Ní Chasaide sna blianta romhainn. Bean óg, a chonaic scata againn den gcéad uair nuair a sheas sí ar ardán Amharclann Bhord Gáis agus chan go láidir dán Phádraig Mhic Phiarais, ‘Mise Éire’ (leagan nua a bhí cumtha agus cóirithe ag a huncail Patrick Cassidy). Baineadh siar asainn, ag faire ar a tallann nádúrtha agus an misneach a bhí aici, agus gan í ach seacht mbliana d’éag d’aois.

Ó shin i leith tá sí imithe ó neart go neart agus gan stop ar bith léi. Ní hamháin gur eisigh sí EP a taifeadadh i stiúideo aitheanta Abbey Road i Londain, agus gur chan sí leagan cumhachtach Gaeilge do ‘Linger’ leis na Cranberries a chuaigh i bhfeidhm ar go leor, ach tá sí i mbun staidéir chomh maith sa Choláiste Ollscoile i mBÁC.

Anuas air sin ar fad tá sí cloiste agus feicthe againn ar chláracha raidió agus teilifíse, agus le linn an ama sin ar fad, bhí sí ag obair léi go ciúin ar albam. Tá an lá tagtha agus seolfar é tráthnóna, go gcloisfidh an saol mór é!

Beidh sí féin agus a muintir agus a cairde i láthair sa Black Door ar Shráid Fhearchair ó 18:00. Go n-éirí ádh léi… agus go mbainfidh sí súp as an gceiliúradh.

Is féidir an t-albam a cheannach dála an scéil, ach an nasc seo a leanúint!


Goitse // The Spirit Store, Dún Dealgan, Dé Domhnaigh 4 Lúnasa @ 20:00 Fleadh Cheoil na hÉireann, Droichead Átha, Dé Domhnaigh 18 Lúnasa, ar Fleadh TV, agus Dé Luain 19 Lúnasa (ionad le fógairt)

Tá an 5ú halbam taifeadta ag an mbanna ceoilGoitse agus iad á sheoladh in ionaid éagsúla timpeall na tíre faoi láthair. Bhíodar in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin le déanaí agus chonac ag Féile ‘Folk’ Chlár Chlainne Mhuiris iad cúpla seachtain ó shin, áit a gcuireadar an lucht féachana ag bogadh agus ag gluaiseacht le rianta ón albam nua, ‘Úr’.

Tá ealaín álainn cruthaithe ag Jane Carkill do chlúdach an albaim, agus is féidir é a cheannach ón suíomh seo. Déanaim amach gur giorria atá ann, móitíf atá in úsáid ag ceoltóirí go leor le tamall anuas: Colm Mac Con Iomaire, Inni-K agus Ye Vagabonds, i measc eile, agus ainm an ainmhí i dteidil albaim leo siúd.

Tá cúpla seisiún beartaithe acu ar chósta an oirthir, mar go mbeidh siad sa Spirit Store i nDún Dealgan Dé Domhnaigh (áit dúchais Áine McGenney ón mbanna) agus i nDroichead Átha don bhFleadh Cheoil i lár na míosa! Gach eolas ó goitse.ie


Julie Jay agus fuirseoirí eile // Cherry Comedy, Whelans, BÁC, Dé Luain 5 Lúnasa @ 20:00

Léirigh bhur gcuid tacaíochta do dhuine de na fuirseoirí is greannmhaire in Éirinn i láthair na huaire, dar liomsa ar aon nós. Sin í Julie Jay a bhfuil éirithe go hiontach léi ar chlár Tommy Tiernan, ar an bpodchraoladh Up to 90, leis an ngrúpa GaelGÁIRÍ agus lena cuid seónna grinn féin.

Beidh Julie ag tabhairt faoi Dhún Éideann na hAlban go luath don Fringe, áit a mbeidh sí i mbun scéalaíochta dá seó dar teideal ‘Julie Really Love Me?’

Ach beidh deis agaibhse í a fheiscint an tseachtain seo, mar go mbeidh sí in Whelan’s na hArdchathrach d’ócáid dar teideal Cherry Comedy. Ní léi féin a bheidh sí ar an oíche mar go mbeidh Gar Murran, Gerry McBride agus Connor McDonough-Flynn ar ardán chomh maith. Fiona Frawley a bheidh ina bean a’ tí.


Loinneog Lúnasa // Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Dé Céadaoin 7 Lúnasa – Dé Luain 12 Lúnasa

Tá an tráth seo bliana buailte linn arís, agus Féile Loinneog Lúnasa ar leac an dorais againn. Is Féile bhliantúil cheoil agus chultúir í seo a bhíonn ar bun i nGleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair. Cuirfear tús leis na himeachtaí Dé Céadaoin beag seo agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an Luan ina dhiaidh sin.

I measc na gceoltóirí a bheidh páirteach, cloisfear An Crann Óg, Pauline Scanlon agus Moya Brennan (in éineacht lena clann agus a cairde). Tá coirm faoi leith beartaithe
dar teideal ‘An Ceangal le Dún na nGall’, a léireoidh go ceolmhar na nascanna atá idir láthair na féile i dTír Chonaill agus Albain. I láthair ag an ócáid sin, beidh Emma Ní Fhíoruisce, Mánus Lunny, Bríd Harper, Ian Smith, Theresa Kavanagh, Martin Crossin agus Diane Ní Chanainn.

Anuas air sin, beidh ceardlanna ceoil ar siúl le cuid de na rannpháirtithe – beidh Bríd Harper ag taispeáint a cuid scileanna ar an bhfidil, agus Martin Crossin ag
léiriú a chuid tallainne ar na píoba.

Beidh deis ag daoine freastal ar shiúlóid threoraithe faoi stiúir an dochtúra Brian Lacey, agus is é a thabharfaidh léargas ar shean-stair Mhachaire Gathláin agus Ghaoth Dobhair. Tá seisiún amhrán do dhaoine óga an cheantair, ceardlann filíochta amuigh faoin aer, agus rás cuimhneacháin Columba Doherty ar chlár na féile chomh maith.

B’fhiú súil a chaitheamh air!


Ceardlann smaointeoireachta le Myra Zepf // Leabharlann Bhaile Hacamar, Béal Feirste, Déardaoin 8 Lúnasa @ 10:30

Ba bhreá liom féin freastal ar cheardlann Myra Zepf na seachtaine seo chugainn, dar teideal ‘Imagination Workout!’. Déardaoin beag seo a bheidh sé ar siúl agus é oiriúnach do dhaoine óga ó aois 6 bliana ar aghaidh.

Is sórt seisiún smaointeoireachta a bheidh i gceist leis seo ina n-úsáidfear frapaí chun intinn na ndaoine óga a spreagadh agus a ghríosadh chun cumadóireachta! Is i Leabharlann Bhaile Hacamar a bhaileoidh lucht na ceardlanna agus costas £3 in aghaidh an duine a bheidh air.

Níos mó