Tá ionad nua réamhscolaíochta lán-Ghaeilge le tógáil i nGaeltacht Chois Fharraige.
Fógróidh Aire Stáit na Gaeltachta amárach go bhfuil deontas le híoc le Coiste Naíonra na bhForbacha i gConamara le tacú le tógáil ionad luathoideachais ar láthair scoil na bhForbacha le hais an chladaigh.
Is ar an láthair chéanna a fhógróidh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne san iarnóin amárach go bhfuil deontais €425,000 san iomlán le caitheamh ar dhá thogra – ionad nua na bhForbacha agus an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán.
Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil an maoiniú á cheadú “mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus don pholasaí don oideachas Gaeltachta araon”.