Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘get-an-extension,-and-let’s-have-an-election’-–-dushlan-corbyn-agus-johnson-ag-seasamh-an-fhoid

‘Get an extension, and let’s have an election’ – dúshlán Corbyn agus Johnson ag seasamh an fhóid

| Tuairisc.ie | , ,

Bhí díospóireacht theasaí i bparlaimint Westminster tráthnóna, mar ar thug Boris Johnson dúshlán an fhreasúra vóta mímhuiníne a chur síos ina rialtas agus toghchán a ghairm.

“Tá sé in am ag an bparlaimint seo seasamh ar leataobh agus ligean don Rialtas seo an Breatimeacht a thabhairt chun críche nó vóta muiníne a chur síos, aghaidh a thabhairt ar lá an chuntais agus deis vótála a thabhairt don phobal,” a dúirt Boris Johnson. 

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn go dtacódh sé le toghchán a luaithe agus a lorgódh Johnson síneadh ama leis an mBreatimeacht.

“Más toghchán atá uaidh, faigheadh sé síneadh ama agus bíodh toghchán againn,” arsa Corbyn.

Dúirt Corbyn nár chualathas ó Johnson ach “bladar”, gur shíl an Príomh-Aire “nár bhain an dlí leis féin” nuair gurbh í fírinne an scéil gur duine “mí-oiriúnach” é le bheith san oifig sin.

Bhí Parlaimint na Breataine ina suí arís inniu tar éis bhreith na Cúirte Uachtaraí go raibh cinneadh an Phríomh-Aire Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí ar feadh cúig seachtaine neamhdhleathach. 

Dúirt Príomh-Aire na Breataine athuair tráthnóna go raibh cinneadh na cúirte “mícheart” ach go nglacfadh sé leis agus go raibh meas aige ar na cúirteanna.

Tá sé seanráite ag Johnson nach bhfuil bealach ar bith go n-iarrfadh sé síneadh ama ar an mBreatimeacht agus dúirt sé go mb’fhearr leis ‘bás a fháil i ndíog’ ná a leithéid a iarraidh. 

Faoin reachtaíocht a thug Páirtí an Lucht Oibre isteach chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh, caithfidh Johnson margadh a chur tríd an bParlaimint roimh an 19 Deireadh Fómhair nó dóthain feisirí a mhealladh le glacadh le Breatimeacht gan mhargadh. 

Sa chás nach n-éireoidh leis ceachtar den dá rogha sin a bhaint amach, caithfidh sé iarratas a dhéanamh ar shíneadh ama eile ar an AE, go dtí an 31 Eanáir 2020 seachas an 31 Deireadh Fómhair mar atá i gceist aige. 

Thug Johnson an ‘surrender act’ arís tráthnóna ar an reachtaíocht sin agus chuir sé i leith an fhreasúra agus Corbyn gurb amhlaidh go raibh siad ag iarraidh toradh an reifrinn a chur ar ceal agus go raibh eagla orthu roimh thoghchán.

Mhaígh Johnson go raibh “dul chun cinn” á dhéanamh sna cainteanna leis an AE le “roinnt seachtainí”. Dúirt Corbyn gurb amhlaidh gur “cur i gcéill” a bhí ann a rá go raibh idirbheartaíocht dháiríre ar siúl.

Dúirt sé go raibh athrú poirt ag teacht ar an AE faoi cheist theorainn na hÉireann agus an chúlstop.

Dúirt sé gurbh é a chruthúnas sin ná ráiteas Jean Claude Juncker, Uachtarán Choimisiún na hEorpa, nach raibh aon cheangal “earótach” leis an gcúlstop aige. Bhítí á rá nach bhféadfaí an cúlstop a shárú ach níltear chomh ceangailte leis níos mó, a dúirt sé.

Tá ráite ag ceannairí an AE go mion minic nach bhfuil sé i gceist acu aon idirbheartaíocht eile a dhéanamh faoin gcomhaontú aistarraingthe a bhfuil an cúlstop ina chuid de. 

Níos túisce tráthnóna, mhaígh Michael Gove, an tAire atá freagrach as pleanáil a dhéanamh do Bhreatimeacht gan mhargadh sa mBreatain, go mbíodh an tAE ag rá nach bhféadfaí an conradh aistarraingthe a athrú ach nach  bhfuil siad á chur ‘as an áireamh’ é a leasú anois.  

Meastar go leanfaidh feisirí an fhreasúra ag plé pleananna chun iallach a chur ar Johnson síneadh ama eile a iarraidh ar an mBreatimeacht roimh an 19 Deireadh Fómhair, an sprioclá a tugadh don Bhreatain chun moltaí a dhéanamh chun Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint. 

Níos mó