Tá tús curtha le fiosrúchán dúnmharaithe i Sasana agus 39 corp aimsithe i leoraí i bpáirc tionsclaíochta in Essex.
Tá tiománaí an leoraí, fear 25 bliain d’aois as Tuaisceart Éireann, gafa ag na póilíní i dtaca leis an bhfiosrúchán.
38 duine fásta agus déagóir amháin atá i gceist agus ón mBulgáir an leoraí.
Tháinig an leoraí i dtír in Caergybi (Holyhead) an calafort sa Bhreatain Bheag a dhéanann freastal ar bháid farantóireachta go hÉirinn.
The victims, found at the Waterglade industrial park in Grays, included one teenager and
Dúirt Ard-Cheannfort na bpóilíní Andrew Mariner gur “tragóid” a bhí sa scéal.
Meastar gur Dé Sathairn seo caite, an 19 Deireadh Fómhair, a tháinig an leoraí i dtír in in Caergybi.
Tá an láthair in Waterglade Industrial Park in Grays in Essex dúnta ag na póilíní.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go raibh “uafás” air faoin “tragóid”.
Dúirt Richard Burnett, príomhfheidhmeannach an Road Haulage Association i Sasana gur léiriú an tubaiste seo ar an gcontúirt a bhaineann le buíonta coirpeach a bheith ag “smuigleáil daoine ar leoraithe”.