Tá sé ina mhargadh sna cainteanna Breatimeachta.
Dúirt Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh gur margadh “cothrom agus féaráilte” a bhí ann.
Mhol Juncker go nglacfadh ceannairí an 27 ballstát eile leis ag an gcruinniú mullaigh atá ar siúl faoi láthair.
Chuir Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson tvuít amach ar maidin inar thug sé le fios go raibh “margadh nua iontach” déanta.
Ba faoi pharlaimint Westminster é anois glacadh leis an margadh sin, a dúirt Johnson.
Bhí roinnt mhaith dóchais ann i gcaitheamh an lae inné go dtiocfaí ar shocrú roimh chruinniú mullaigh an lae inniu, ach deimhníodh aréir go raibh constaicí áirithe fós le sárú.
Ar an DUP is mó a bhí aird agus iad ag rá nach bhféadfaidís glacadh leis na moltaí is déanaí.
Chuir an DUP ráiteas amach níos luaithe ar maidin inar chuir siad cos i bhfeac arís maidir leis an margadh agus ceist na teorann go háirithe.