Tá sé róluath fós scagadh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht ag obair mar a bhíothas ag súil a bheadh.
Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan an méid sin agus ceist á freagairt sa Dáil aici faoi conas mar atá ag éirí leis na píosaí reachtaíochta a thug a Roinn isteach ó 2011.
Sé phíosa reachtaíochta ar fad a bhí i gceist le linn na tréimhse sin, ag áireamh Acht na Gaeltachta 2012. Ba faoin acht sin a cuireadh deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta agus a tugadh an córas pleanála teanga isteach.
Dúirt an tAire Madigan nach raibh aon chinneadh déanta fós faoi cathain a dhéanfaí iniúchadh ar éifeacht na mbeartas sin.
“Toisc nach bhfeicfí toradh iomlán an dá bheartas seo go ceann tréimhse sách fada, tá machnamh á dhéanamh fós ar cathain ab fhearr tabhairt faoi thuarascáil faoi éifeacht an Achta seo,” arsa an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012 cuireadh deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí eile.
Tugadh isteach faoin Acht chomh maith córas na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Faoin gcóras sin tá eagraíocht roghnaithe i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht chun plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Tá plean teanga ceadaithe anois i 16 de na 26 ceantar pleanála teanga.
Bhain conspóid mhór leis an dá mhórbheartas sin in Acht na Gaeltachta 2012.