Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-clar-machnamhach-agus-siamsuil-araon-e-top-boy

Clár machnamhach agus siamsúil araon é Top Boy

| Kerron O Luain |

Craoladh an clár Top Boy, a léiríonn domhan corraitheach na mangairí drugaí London, den chéad uair ar Channel 4 siar sa bhliain 2011. Mhair sé ar feadh dhá shraith ag an am, d’éirigh go maith leis i measc lucht na critice, agus b’shin sin. 

Le deireanas, tá Netflix, á spreagadh ag an gceoltóir rap mór le rá Drake, tar éis na sraithe a athneartú. Tá deich gcinn d’eipeasóidí ar fáil anois ar an ardán agus is ar feadh 50 nóiméad nó mar sin a ritheann gach ceann, seachas an finalé atá ruainnín beag níos faide.

Tá macallaí láidre clár amhail The Wire agus The Sopranos le braith in Top Boy agus saol na ndrongadóirí á chíoradh. Dhírigh an dá chlár eile ar ghrúpaí eitneacha ar leith i Meiriceá, agus is sliocht na nAfra-Chairibeach in London atá go mór sa treis sa tsraith seo.

Go deimhin, sa chéad chlár nuair a chuirtear ceann de na príomhcharachtair, Dushane, in aithne dúinn den chéad uair is in Iamáice atá sé. Theith Dushane ó London ag deireadh an dara sraith i ndiaidh dá chuid iarrachtaí a bheith mar an tarbh tána i ndomhan na coireachta dul go tóin poill. 

Tá príomhphearsa eile ón gcéad chúpla sraith, Sully, i bpríosúin agus é a druidim le deireadh a thréimhse bhraighdeanais. 

Leanann an tsraith scéal na beirte seo go príomha agus a gcuid iarrachtaí dul in adharca le héilitheoir óg ar an gcoróin, Jamie (Michael Ward), a sheas sa mbearna chumhachta a fágadh ina ndiaidh.

Tá an plota casta agus neart carachtar eile sa scéal, ach is léargas dílis é sin ar an domhan coimpléascach neamhthrócaireach ina maireann daoine in eastáit bhochta tithíochta ardchathair Shasana, nó na ‘Ends’ mar a thugtar orthu thall.

Is deacair locht a fháil ar an aisteoireacht sa chlár ach an oiread. Go deimhin, is sna heastáit chéanna a d’fhás Ashley Walters (Dushane) agus Kane Robinson (Sully) aníos agus iad dlúthbhainteach leis an rapcheol – Walters leis an ngrúpa So Solid Crew agus Robinson mar cheoltóir aonarach i mbun an leagain grime den rapcheol agus an t-ainm stáitse Kano air. 

Ceann de na gnéithe ab fhearr liom agus mé ag breathnú ar Top Boy ná an chaoi nach raibh sé teoranta don choiriúlacht amháin. Cuirtear na carachtair agus na scéalta ina gcomhthéacs socheacnamaíochta. 

Ó thaobh na mangaireachta drugaí de, mar shampla, léirítear go beacht an bealach ina mbrúnn easpa deiseanna fostaíochta, cliseadh agus bás clainne, agus an bhochtaineacht, fir agus mná óga isteach sa saol achrannach sin.    

Pléitear ceisteanna tráthúla ar nós an chiníochais agus tionchar an Bhreatimeachta air sin. Sna heipeasóidí luath bíonn Sully i mbaile Ramsgate, sampla tipiciúil de bhaile bocht i Sasana a bhfuil móramh geal fós ann agus a vótáil chun an tAontas Eorpach a fhágáil i 2016. Bíonn ar Sully, fear gorm, agus na himircigh Mhoslamacha lena bhfuil sé ina chónaí déileáil le ciníochas binbeach.

Níos faide anonn sa tsraith, agus muid fillte ar London, feictear oifigigh stáit de chuid na rannóige inimirce agus iad diongbháilte ag iarraidh ceann de na carachtair a dhíbirt ó Shasana. 

Anuas ar sin, cíortar téamaí an uaislithe uirbigh, an leispiachas agus róil inscne, soineantacht agus scrios na hóige, an grá agus an caidreamh idir iad siúd atá ina gcoirpigh bhródúla agus na leannáin agus clanna acu atá dall, nó leathdhall, air sin uilig.

I ndeireadh na dála, is dócha, ceann de na díolta suntais is mó a bhaineann le Top Boy ná an chontrárthacht idir an foréigean agus an grá clainne a n-éiríonn leis a chur in iúl. 

Is seantéama é sin i dtaobh na scannán agus clár drongadóirí de a théann siar chomh fada leis na 90í agus na Sopranos agus na 70í agus an Godfather, nó níos faide fiú. Ach is cinnte go bhfuil athnuachan dhúshlánach, mhachnamhach agus shiamsúil déanta air i dTop Boy.  

Níos mó