Tá rabhadh stoirme oráiste eisithe ag Met Éireann faoi stoirm Atiyah atá ar an mbealach. Beidh an rabhadh seo i bhfeidhm ó mhaidin Dé Domhnaigh, an 8 Nollaig go dtí a sé a chlog maidin Dé Luain.
An cósta thiar is measa a bheas buailte ag Stoirm Atiyah agus go dtí seo Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, an Clár, Ciarraí agus Luimneach na contaetha a mbeidh an rabhadh seo i bhfeidhm iontu.
Idir An Íoslainn agus Éirinn a bheidh Stoirm Atiyah ag séideadh ar an Domhnach agus beidh gaoth láidir ag séideadh trasna na tíre.
Gaoth aniar aneas a bheas ann i dtús an lae ach gabhfaidh sí aniar aduaidh níos déanaí agus tá luas idir 65 agus 80 ciliméadar san uair á thuar. D’fhéadfadh gustaí tréana idir 110 agus 130 ciliméadar a bheith leis an ngaoth sin.
Tá baol tuilte cois cósta de bharr farraigí arda agus siotaí tréana gála.
Tá fógra eisithe ag Comhairle Chontae Chiarraí ag iarraidh ar dhaoine aird a thabhairt ar gach rabhadh aimsire ó Met Éireann. D’iarr an Chomhairle ar dhaoine a chinntiú go bhfuil gach earra a d’fhéadfaí a shéideadh le gaoth ceangailte agus feistithe go cúramach – soilse Nollag, boscaí bruscair, trampailíní, troscán gairdín agus a leithéidí.
Ba chóir do choisithe agus do thiománaithe a bheith ar an airdeall ar an Domhnach ar na bóithre ar fhaitíos go mbeadh smionagar agus sceacha á séideadh san aer. Níor mhór a bheith fíorchúramach go deo ar bhóithre cósta ar eagla go mbeadh fuarlaigh nó maidhmeanna orthu.
Meabhraítear do dhaoine arís an chontúirt a bhaineann le haon línte cumhachta a bheadh leagtha agus a thábhachtaí agus atá sé fanacht amach uathu agus scéala a chur chuig na húdaráis fúthu.
Faoi láthair táthar ag tuar go mbeidh an stoirm cloíte faoin Luan.