Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-eileamh-ar-thraein-30-noimead-o-bac-go-beal-feirste

Éileamh ar thraein 30 nóiméad ó BÁC go Béal Feirste

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Maíonn an grúpa feachtais Comhghuaillíocht Comaitéirí Bhaile Átha Cliath go mbeadh sé indéanta seirbhís traenach a chur ar fáil a thabharfadh paisinéirí idir an dá chathair is mó in Éirinn in 30 nóiméad. 

Sa cháipéis a d’eisigh grúpa mar chuid dá bhfeachtas don toghchán ó dheas, deirtear nár cheart go mbeadh turas traenach trasna na tíre níos faide ó thaobh ama de ná mar a bheadh an turas céanna i gcarr príobháideach, agus nach bhfuil aon chúis ann nach mbeadh seirbhís ardluais traenach ann in Éirinn mar atá ar fud na hEorpa. 

“Imíonn an tseirbhís traenach is sciobtha sa Spáinn ar luas 300km/u. Tá Éire ar cheann de na tíortha is lú forbairt ó thaobh leictriú na dtraenacha de san Eoraip ach níl aon phleananna ann faoi láthair aon chuid den ghréasán Intercity a leictriú. Ligeann an leictriú do thraenacha imeacht ar bhealach ar féidir brath air agus ar luas seasmhach, tá sé sin tuillte ag an ngréasán s’againne,” a deirtear sa cháipéis. 

Maítear go bhfuil Éire taobh thiar den Eoraip agus den Bhreatain ar cheist na dtraenacha agus gur cheart an t-iarnróid ardluais a fhiosrú agus a fhorbairt sa tír seo. 

“Cosúil lenár gcomharsana sa Bhreatain agus ar Mhór-Roinn na hEorpa, caithfimid an comhrá faoi Iarnród Ardluais a thosú a cheanglódh an trí chathair is mó ar an oileán: Béal Feirste, Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Cuimhnímis ar sheirbhís traenach sin na Spáinne, 300km/u. Is féidearthacht inchreidte é go mbeadh Baile Átha Cliath agus Béal Feirste 30 nóiméad óna chéile,” a deir an Chomhghuaillíocht. 

Anuas ar cheist na dtraenacha tapa, pléitear 11 ábhar eile sa cháipéis toghchánaíochta — seirbhísí bus, méadú na seirbhíse LUAS, infreastruchtúr do choisithe agus do rothaithe, an DART agus tógáil bóithre ar fud na tíre. 

Cáintear drochsheirbhísí bus taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath sa cháipéis agus moltar go mbeadh seirbhís áitiúil bus ag 82 baile ó cheann ceann na tíre. 

“Tá seirbhís bus ar fáil i níos lú ná deich gcinn de na bailte is mó in Éirinn (daonra 5,000+) agus tá formhór na seirbhísí sin ar an gcósta thoir nó i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Táthar a rá, mar sin, le cónaitheoirí na mbailte seo in Éirinn an t-aon rogha eile atá ar fáil dóibh do thurais fhada a úsáid agus tiomáint. Táthar á áiteamh orthu gan modh inmharthana taistil a úsáid,” a mhaítear. 

Tagraítear don tseirbhís nua bus a tosaíodh i gCill Chainnigh anuraidh agus an rath a bhí air mar shampla den chineál seirbhíse ba cheart a thabhairt isteach go bailte eile in Éirinn. 

Cáintear an bealach a thógtar bóithre i gcathracha, bailte agus ceantair tuaithe na hÉireann sa cháipéis freisin, agus é á mhaíomh ag Comhghuaillíocht Comaitéirí Bhaile Átha Cliath gur dírithe ar an gcarr aonair a bhíonn lucht a dtógála.

“Caithfidh infreastruchtúr sábháilte, leanúnach, atá scartha amach ón trácht do choisithe agus rothaithe a chur san áireamh do gach bóthar nua amach anseo. Is cuma más nascbhothar, seachbhóthar nó débhealach atá i gceist, caithfear na bealaí seo a dhearadh do chách,” a deirtear. 

Is féidir an cháipéis iomlán (Béarla) a léamh anseo

Níos mó