Beidh an t-olltoghchán faoi chaibidil ag scoth na gcainteoirí óga ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre tráthnóna inniu agus Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ar siúl i mBóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe.
Is é seo an chéad uair riamh a reáchtáladh an chraobh i nGaillimh agus glacfaidh ocht bhfoireann díospóireachta ó scoileanna éagsúla ó cheann ceann na tíre páirt i gcomórtas na sóisear agus i gcomórtas na sinsear inniu.
‘Ba cheart dúinn bata agus bóthar a thabhairt don rialtas seo ag an olltoghchán atá le teacht!’ an rún a bheidh á phlé i mbabhta ceannais na sinsear. Is iad na scoileanna a bheidh san iomaíocht do chraobh na sinsear ná Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Eoin as Baile Átha Cliath.
I gcomórtas na sóisear, is iad na scoileanna a mbeidh foireann acu – Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Coláiste Eoin. ‘Tá cúis ghearáin ag feirmeoirí na hÉireann!’ an t-ábhar cainte a bheidh ag na sóisir.
Is é Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta a bheidh mar aoichainteoir ag ócáid an lae inniu.
Beidh luach a saothair ag na buaiteoirí agus €1,000 an ceann le fáil ag na foirne buacacha i gCraobh na hÉireann sa chomórtas díospóireachta seanbhunaithe seo chomh maith le Corn Uisne i Rannóg na Sóisear agus Corn Gael Linn i Rannóg na Sinsear.
Beidh na babhtaí ceannais, a gcuirfear tús leo ag 4.30pm in Óstán Bhóthar na Trá i mBóthar na Trá, á sruthú beo ar leathanach Facebook Molscéal TG4.
Is iad Gael Linn a eagraíonn Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain gach bliain agus ghlac os cionn 50 foireann, ó scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, páirt i gcomórtas na bliana seo.