Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-seaniomhanna-den-chulturlann-a-lorg-do-thaispeantas

Seaníomhánna den Chultúrlann á lorg do thaispeántas

Tá foireann na Cultúrlainne ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste sa tóir ar sheanghrianghraif agus sheanfhíseán den ionad Gaeilge do thogra staire atá á chur le chéile i láthair na huaire le 30 bliain a bunaithe a cheiliúradh. 

Bunaíodh Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich in 1991 mar lárionad do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus tá fás agus forbairt mhór tagtha air le 30 bliain anuas. Beidh ceiliúradh mór ar siúl san ionad an bhliain seo chugainn agus táthar ag lorg íomhánna den Chultúrlann i gcaitheamh na mblianta le haghaidh taispeántais.

Lonnaíodh Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich i seanséipéal Preispitéireach in iarthar Bhéal Feirste, agus is ann a reáchtáiltear formhór na n-imeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl sa chathair.

Tá íomhánna agus físeáin den Chultúrlann, ón taobh amuigh agus ón taobh istigh, ón tréimhse sin ó 1991 i leith á lorg ag foireann an ionaid, ach is spéis leo pictiúir den áit atá níos sine ná sin freisin. Tá an séipéal ina sheasamh ar Bhóthar na bhFál le fada an lá agus beidh pictiúir áit éigin den fhoirgneamh i dtús a ré. 

“Tá muid ag lorg pictiúr agus físeán don togra staire seo le ceiliúradh a dhéanamh ar thríocha bliain den Chultúrlann. Scaipfear ar na meáin shóisialta iad agus beidh taispeántas sa Chultúrlann féin, i measc rudaí eile, chun an tríocha bliain a cheiliúradh. Tá roinnt rudaí sa chartlann againn féin ach tá muid ag iarraidh ar dhaoine eile a chaith am timpeall na Cultúrlainne fadó nó le cúpla bliain anuas a bhfuil acu a chur ar aghaidh chugainn. 

“Tá sé doiligh anois agus cosc ar dhaoine cuairt a thabhairt ar theach a dtuismitheoirí agus áiteanna eile a mbeadh seanphictiúir, ach tá súil againn go mbeidh roinnt daoine ábalta ábhar a chur chugainn. Beidh muid ag bailiú ábhar ar feadh cúpla seachtain, mar sin tá súil againn go leor a fháil amach anseo,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail, Oifigeach Margaíochta na Cultúrlainne. 

Tá an Chultúrlann féin dúnta faoi láthair mar gheall ar scaipeadh an víris timpeall na hÉireann, ach tá na oibrithe ag obair ón mbaile leis an oiread agus is féidir den chlár cultúrtha a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla.

“Tá achan rud bogtha ar líne againn le coicís anuas. Tá ranganna ceoil ag tarlú ar líne agus tá comórtais scríbhneoireachta againn — d’fhógair muid comórtas nua gearrscéalaíochta do dhaoine óga inniu. Tá sé doiligh achan rud a dhéanamh ach tá ag éirí linn go leor rudaí a chur ar fáil,” a dúirt Caoimhe. 

Is féidir grianghraif agus físeáin den Chultúrlann a sheoladh go margaíocht@culturlann.ie. 

Níos mó