Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-nios-mo-toir-ag-foireann-na-roinne-airgeadais-ar-shuiomh-idirlin-spoirt-na-ar-an-financial-times

Níos mó tóir ag foireann na Roinne Airgeadais ar shuíomh idirlín spóirt ná ar an Financial Times

| Padraic O Ciardha |

Tá suíomh idirlín spóirt a chuireann nodanna faoi chapaill rása ar fáil, Sportinglife.com, ar an dara suíomh is mó a thug foireann na Roinne Airgeadais cuairt air i mbliana agus níos mó tóir acu air ná mar a bhí ar aon suíomh eile seachas an Irish Times.

Thug foireann na Roinne Airgeadais níos mó cuairteanna ar sportinglife.com ná mar a thug siad ar shuíomh an Financial Times, a bhí sa tríú háit ar liosta de na deich suíomh idirlín is mó ar thug foireann na roinne cuairt orthu i mbliana.

An tAire Airgeadais Paschal Donohoe a chuir an liosta ar fáil mar thoradh ar fhiosrúchán ón Teachta Dála Catherine Murphy, a lorg an t-eolas céanna ó gach aire rialtais.

Sa tríú háit a bhí sportinglife.com ar liosta na Roinne Airgeadais idir mí Iúil agus deireadh na bliana anuraidh agus an Irish Times agus an clár plé boards.ie chun cinn air.

Bhí an suíomh idirlín spóirt ar na suíomhanna is mó ar tugadh cuairt air i Roinn amháin eile, an Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe.

Bhí an córas aistriúcháin Google Translate i measc na suíomhanna is mó cuardach sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil de réir an liosta a chur an tAire Richard Bruton ar fáil.

I gcás eile, bhí an-tóir ag foireann na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige ar shuíomhanna siopadóireachta mí na Nollag seo caite. Ar an liosta de na deich suíomh idirlín is mó ar thug foireann na roinne cuairt orthu idir an 2 Nollaig agus an 21 Nollaig 2019 agus bhí Amazon.co.uk agus Argos.ie uathu chomh maith.

Sholáthair an Roinn liosta de na suíomhanna is mó cuardach sa chéad trí mhí den bhliain seo chomh maith agus ní raibh ceachtar de na suíomhanna siopadóireachta le feiceáil ar an liosta den tréimhse sin.

I measc na suíomhanna eile is mó a mbíonn tóir orthu ag státseirbhísigh tá Airbnb, Facebook,  Aer Lingus agus Ryanair.

Tá an-tóir chomh maith ar na hinnill chuardaigh amhail Google agus ar shuíomhanna nuachta. An Irish Times, RTÉ agus The Journal na foinsí nuachta is mó a bhfuil tóir orthu ach is cosúil go an-dúil ag oibrithe na Roinne Gnóthaí Eachtracha sa Daily Mail agus dailymail.co.uk ar an gceathrú suíomh is mó a raibh éileamh air i measc oibrithe na roinne sin i mbliana, agus é chun tosaigh ar RTÉ.ie, a bhí sa chúigiú háit.

Bhí an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar cheann de thrí roinn a dúirt nach raibh ar a gcumas liosta a chur ar fáil de na suíomhanna is mó a mbíonn tóir ag baill foirne orthu. Dúirt an tAire Josepha Madigan go n-éireodh leo an t-eolas a chur ar fáil amach anseo.

Dúirt an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí nach gcoimeádann a ranna liostaí de na suíomhanna is mó a mbíonn tóir ag baill foirne orthu.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Cosanta Paul Kehoe nach raibh an t-am ag a fhoireann teacht ar an eolas de bharr na paindéime Covid-19. Dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy go raibh an t-eolas á bhailiú agus go gcuirfí ar fáil go luath é.

Agus í ag labhairt le Tuairisic.ie, dúirt comhcheannaire na nDaonlathach Sóisialta Catherine Murphy nach raibh sí róbhuartha faoi na freagraí a fuair sí ar a ceisteanna.

“Cuireann muid ceisteanna cosúil leo seo gach bliain agus muid ag iarraidh déanamh cinnte nach bhfuil tada as bealach ar bun ag na ranna ná ag na hAirí. Den chuid is mó, taispeántar nach bhfuil aon chúis imní ann, buíochas le Dia.

“Anois agus arís, beidh gá le tuilleadh fiosraithe ach ní dóigh liom go bhfuil gá leis sin sa chás seo,” a dúirt comhcheannaire na nDaonlathach Sóisialta.

Níos mó