Tá íoslódáil déanta thart ar 500,000 babhta ag daoine ar aip nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a seoladh inniu mar chuid den fheachtas in aghaidh an choróinvíris.
Seoladh an aip chun cabhrú le lucht sláinte teacht ar ghartheagmhálaithe daoine a tholgann an Covid-19.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite, tá an aip ar fáil i nGaeilge chomh maith.
Caithfidh socruithe d’fhóin a bheith i nGaeilge chun an leagan Gaeilge a fháil, rud a chruthaigh roinnt deacrachtaí do dhaoine inniu.
Tá Conradh na Gaeilge ag fiosrú an bhféadfaí rogha teanga a chur ar an aip féin.
Tugadh suntas dó chomh maith go raibh liosta contaetha ar an leagan Gaeilge nach raibh aistrithe go Gaeilge.
Ach chuir Conradh na Gaeilge agus daoine eile fáilte mhór roimh an scéala go bhfuil an aip ar fáil i nGaeilge.
An deas aip Gaeilge a fheiceáil! Molaim díobh an aip a íoslódáil!! // Nice to see an Irish app! I recommend downloading the app pic.twitter.com/pKAfmYjTr2
— Eoin Ó Gaora (@eoinogaora) July 7, 2020
Aip le haghaidh COVID ar fáil as Gaeilge 👏🏼👏🏼 @HSELive @CnaG @SnaGaeilge pic.twitter.com/xvxZXc3QmM
— ComhluadarLuimnigh (@ComhluadarL) July 7, 2020
Is maith é a fheiceáil gur glacadh moladh @CnaG ar bord leis an aip COVID a chur ar fáil as #Gaeilge. Forbairt mhaith le cothromaíocht a thabhairt do phobal na #Gaeltachta & #Gaeilge i dtaobh sláinte de 👍 Cúpla cheist ón bpobal le fiosrú amárach faoi pic.twitter.com/o9P94s5M7s
— Conradh na Gaeilge (@CnaG) July 6, 2020
Má bhíonn an aip Covid Tracker agat ar d’fhón coinneoidh sí taifead ar na daoine a mbíonn gartheagmháil agat leo.
De réir na haipe, is ionann gartheagmhálaí agus duine a bhí i bhfoisceacht dhá mhéadar díot ar feadh níos mó ná 15 nóiméad.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid go bhféadfadh an aip cabhrú le teacht ar ghartheagmhálaithe taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig, seachas roinnt laethanta.
Níl an aip ag obair sa Tuaisceart faoi láthair, cé go ndeirtear gur aip uile-oileáin í.
Aip nua le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas le bheith ar fáil i nGaeilge nuair a sheolfar í
Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Tuairisc.ie an mhí seo caite go mbeadh leagan Gaeilge den aip atá forbartha chun cabhrú leis an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris ar fáil nuair a sheolfaí í.
Thug an Roinn Sláinte le fios roimhe sin gur i mBéarla amháin a bheadh an aip ar dtús, ach go mbeadh leagan Gaeilge di ar fáil “go gairid ina dhiaidh sin”.
Is i mBéarla amháin atá an suíomh faoin aip nua.