Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-cuimhin-leat-nuair-a-chan-kate-bush-as-gaeilge?

An cuimhin leat nuair a chan Kate Bush as Gaeilge?

| Maitiu O Coimin |

Thug an ceoltóir aitheanta Dónal Lunny chun cuimhne an lá a chan Kate Bush amhrán i nGaeilge agus é faoi agallamh ar maidin ag Ryan Tubridy. 

‘Mná na hÉireann’, an dán a scríobh an file Peadar Ó Doirnín agus a chuir an cumadóir Seán Ó Riada le ceol, an t-amhrán a chan Kate Bush i dteanga a sinsear ar an albam The Common Ground: Voices of Modern Irish Music in 1996. 

Bhí Dónal ag labhairt faoin obair a rinne sé féin ar an albam sin in agallamh a rinne sé le Ryan Tubridy ar RTÉ Radio One ar maidin. 

“Ba iad Hemisphere Records a choimisiúnaigh an t-albam agus thug siad cead mo chinn dom mo rogha ceoltóirí a lorg dó. Phléamar é agus bhíomar uaillmhianach agus fuaireamar liosta iontach ceoltóirí le páirt a ghlacadh ann.

“Ba í Kate féin a roghnaigh an t-amhrán, rud a bhí iontach, mar gheall ar a ceangal le hÉirinn, is dóigh liom. Ba mhór an dúshlán di é, duine nach bhfuil Gaeilge aici, mar bhí uirthi fuaimeanna na bhfocal a fhoghlaim, agus chuir sí go leor oibre isteach chuige sin. Bhíomar ag seoladh fogharscríbhinní chuici ar fhacs, agus labhraíomar ar an bhfón. Chuamar siar agus aniar faoin bhfoghraíocht agus ar deireadh thug sí léi fuaimeanna na Gaeilge,” a dúirt Dónal. 

I measc na gceoltóirí eile a bhí ar an albam bhí leithéidí Mháire Ní Bhraonáin, as Gaeltacht Thír Chonaill, Liam Ó Maonlaí, Christy Moore, Sinéad O’Connor, Sharon Shannon, agus Bono agus Adam Clayton ó U2. 

Rinne Kate Bush taifead ar ‘Mná na hÉireann’ i Stiúideo a hAon in RTÉ, agus rinne a foireann féin ataifeadadh air i Sasana ina dhiaidh sin sular eisíodh ar an albam é. 

Is de shliocht na nGael í Kate Bush — nó ‘Cáit Búiséir’ más fearr leat é — mar a míníodh san alt seo ar NÓS a foilsíodh ar a 60ú breithlá in 2018. Ba é a seanuncail, Pádraig Ó Dálaigh, cainteoir dúchais Gaeilge as Port Láirge, a bhí ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge nuair a bhí Dubhghlas de hÍde ina uachtarán ar an eagraíocht. 

Ba é seanuncail Kate Bush a léigh an litir inar leag an Craoibhín Aoibhinn cúiseanna a imeachta ó uachtaránacht Chonradh na Gaeilge amach os comhair Ard-Fheis an Chonartha i Halla na Maor gCoill i nDún Dealgan ar an 29 Iúil 1915. 

Tá ráite ag Kate Bush go bhfuil sí “an-bhródúil” as a cúlra Éireannach agus gur theastaigh uaithi “a fuil Éireannach” a léiriú go soiléir. Labhair sí le Gay Byrne ar The Late Late Show in 1978 faoina máthair agus an nasc atá aici leis an tír seo. 

Sa mbliain 2014, chuir an file agus an t-aistritheoir aitheanta Gabriel Rosenstock Gaeilge ar amhráin Kate Bush don fhéile ealaíon IMRAM, a céad amhrán ‘Wuthering Heights’ ina measc.

Níos mó