Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘gra’-–-amhran-nua-eisithe-ag-an-amhranai-gaeltachta-roisin-seoighe

‘Grá’ – amhrán nua eisithe ag an amhránaí Gaeltachta Róisín Seoighe

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá amhrán nua eisithe ag an amhránaí Gaeltachta Róisín Seoighe — ‘Grá’. Roinn an t-amhránaí, a bhfuil gradaim NÓS buaite aici, an t-amhrán le lucht a leanta ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine agus tá fáil air anois ar Spotify, Apple Music agus na hardáin eile cheoil. 

Dúirt Róisín le NÓS gur spreagadh í amhrán a scríobh “a bhí bainteach le grá a bheith agat do dhaoine atá i do thimpeall” i ndiaidh di freastal ar bhainis a coil ceathrair an bhliain seo caite.

“Bhí mé díreach tagtha abhaile ó bhainis mo choil ceathrair, agus bhí mé ag iarraidh amhrán a chumadh a chloisfeadh tú mar first dance ag bainis. Bhí mé anonn is anall leis ar feadh tamaill, chum mé an chuid is mó de taobh istigh de mhí agus ansin rinne mé taifead air aimsir na Nollag,” a dúirt sí. 

Is é ‘Grá’ an chéad singil ó albam nua atá scríofa ag Róisín ach nach bhfuil críochnaithe go fóill mar gheall ar an víreas corónach. Dúirt sí le NÓS go raibh súil aici a bheith ar camchuairt leis an albam nua an samhradh seo ach gur chuir scaipeadh an víris agus na srianta a cuireadh i bhfeidhm le dul i ngleic leis stop le chuile shórt. 

“Bhí mé a cheapadh go mbeadh an t-albam críochnaithe ach mar gheall ar Covid níor éirigh liom é a dhéanamh. Tá an t-albam scríofa le tamall fada anois, ach caithfidh mé dul isteach agus cúpla amhrán a thaifeadadh sa stiúideo i mBaile Átha an Rí. Bhí mé ag iarraidh an t-albam a chur amach faoin Nollaig ach níl mé cinnte faoi rud ar bith anois,” a dúirt sí. 

Tá físeán déanta ag Róisín don singil nua freisin, agus é iarrtha aici ar mhná ar fud na hÉireann taifead a dhéanamh orthu féin agus iad ag éisteacht leis an amhrán. Bheartaigh sí freisin an t-ardán atá aici a úsáid le haird a tharraingt ar an gcarthanacht Women’s Aid. 

“Bhí mé ag iarraidh smaoineamh ar bhealach a d’fhéadfadh mé dul timpeall ar na srianta agus físeán a dhéanamh. Ní féidir liom físeán ceart ceoil a dhéanamh, ach shíl mé go mbeadh sé go deas é a dhéanamh le díreach mná amháin ann, agus aird a tharraingt ar eagraíocht éigin a chabhraíonn le mná,” a mhínigh sí. 

Tá Róisín ina baile dúchais, Ros an Mhíl, i nGaeltacht na Gaillimhe ó thosaigh an phaindéim cúig mhí ó shin — áit atá “níos sábháilte” ná na cathracha móra, dar léi. Beidh sí ann go ceann tamaill eile agus í ag fanacht ar chead gigeanna agus ceolchoirmeacha a dhéanamh arís amach anseo.

Níos mó