D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 188 cás nua den Covid-19.
Ní raibh aon bhás eile le fógairt inniu.
Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil na srianta breise Covid-19 a tugadh isteach i mBéal Feirste agus sa Bhaile Meánach le tabhairt isteach ar fud an Tuaiscirt ag 6pm amárach.
Beidh cosc iomlán ar chuairteoirí taobh istigh ó thuaidh agus ní bheidh cead ach ag seisear cuairteoirí as dhá theaghlach bailiú le chéile taobh amuigh.
D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh tráthnóna go raibh beirt eile básaithe de dheasca an Covid-19 agus go raibh 125 cás nua deimhnithe.
Bhain 76 den 188 cás nua ó dheas le Baile Átha Cliath.
Bhain 25 cás le Corcaigh, bhí 21 cás i nDún na nGall, bhain 13 de na cásanna nua le Gaillimh agus bhí seacht gcás i bPort Láirge.
Bhain 16 de chásanna an lae inniu le Cill Dara agus seacht gcás a deimhníodh i Ros Comáin.
Bhain an 23 cás eile le 12 contae éagsúil.
Tá sé deimhnithe gur bhain 36% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.
Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 19 cás. Bhí 71% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.
42,587 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 33,121 cás ó dheas den teorainn agus 9,466 cás ó thuaidh di.
2,369 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,792 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.
Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil tuairiscí ann go bhféadfadh go gcuirfeadh an Rialtas srianta Leibhéal 3 i bhfeidhm i roinnt contaetha eile roimh dheireadh na seachtaine.
Baile Átha Cliath amháin atá faoi shrianta dá leithéid faoi láthair ach de bharr an líon cásanna a bheith ag ardú sa gcuid eile den tír, tá seans mór i gcónaí ann go gcuirfear na srianta breise i bhfeidhm ar chontaetha eile.
An tseachtain seo caite, luaigh NPHET a thromchúisí agus a bhí scaipeadh an ghalair i gcontae Lú, Dún na nGall agus Port Láirge ach tá an ráta tolgtha ag ardú go gasta le tamall i gcúig chontae eile freisin – Luimneach, Cill Dara, Liatroim, Uíbh Fhailí agus Cill Mhantáin.
Agus í ag caint níos túisce inniu, dúirt Liz Canavan, Rúnaí Cúnta Roinn an Taoisigh, gur “údar imní” an treo a bhfuil an galar ag scaipeadh i ngach contae faoi láthair, seachas sé cinn.
“Mura n-éiríonn linn an ráig dheireanach seo a chur faoi chois,” a deir sí, “beidh idir 500-1,000 cás nua sa lá againn faoi cheann míosa agus i mBaile Átha Cliath a bheidh idir 50-60% acu sin.”
Chuir Canavan an-bhéim ar a thábhachtaí atá sé an líon daoine a mbuailimid leo a laghdú in iarracht scaipeadh an ghalair a mhaolú.
“Táimid ag leibhéal 2 sa tír seo agus ba mhaith linn gur ansin a d’fhanfadh an tír nó feabhas a dhéanamh agus a bheith ag Leibhéal 1. Nílimid ag iarraidh dul an treo eile,” a dúirt sí.
Is ionann an scéal ag Rialtas na Breataine, mar a ndúirt Sir Patrick Vallance, príomhchomhairleoir eolaíochta an rialtais, go bhféadfadh suas le 50,000 cás nua sa lá a bheith acu an chéad mhí eile mura ndéantar beart.
Dúirt Vallance go bhféadfadh 200 duine sa lá bás a fháil mí na Samhna dá mbeadh an oiread sin cásanna den Covid-19 sa tír.
4,368 cás nua a deimhníodh sa Ríocht Aontaithe inniu agus fuair 11 duine bás ansin de bharr an choróinvíris.
Ní cheaptar go gcuirfidh Rialtas na Breataine tréimhse dianghlasála eile i bhfeidhm ach meastar go bhfuil srianta breise ar earnáil an fháilteachais ar na bacáin leis an mbrúisc is déanaí a cheansú.