Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-charlie-mcconalogue-as-dun-na-ngall-le-ceapadh-mar-aire-talmhaiochta

Charlie McConalogue as Dún na nGall le ceapadh mar Aire Talmhaíochta

| Tuairisc.ie | ,

An Teachta Dála as Dún na nGall Charlie McConalogue atá roghnaithe mar Aire Talmhaíochta, de réir tuairiscí.

Ainmneofar sa Dáil tráthnóna é.

Tá an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ar an tríú duine chun an post sin a fháil le cúpla mí anuas.

Tá cúlra feirmeoireachta ag McConalogue arb as Gleann Daoile i nDún na nGall dó agus atá ina Theachta Dála ó 2011.

Tá an folúntas ann ó d’éirigh Dara Calleary as a phost mar aire talmhaíochta an mhí seo caite mar gheall gur fhreastail sé ar an dinnéar conspóideach a bhí ag Chumann Gailf Thithe an Oireachtais sa Chlochán sa Ghaillimh.

Ní raibh caite aige ach 37 lá sa phost. I mí Iúil d’éirigh Barry Cowen as an aireacht tar éis 17 lá mar gheall ar chonspóid a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil.

Tá an Dáil ina suí arís tráthnóna i ndiaidh shos an tsamhraidh. Táthar ag filleadh ar Theach Laighean coicís níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. I ndiaidh ceisteanna na gceannairí tráthnóna beidh díospóireacht ann faoi reachtaíocht nua atá á tabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí.

Tá ráite ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfuil faoin reachtaíocht nua cumhachtaí breise a thabhairt do na gardaí a cheadódh dóibh teach tábhairne a dhúnadh ar feadh míosa sa chás go ndiúltódh an tábhairneoir cloí leis na rialacha maidir leis an tsláinte phoiblí.

Réiteodh an reachtaíocht nua an bealach d’athoscailt na dtithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu, a dúirt an tAire Dlí agus Cirt.

Agus tús á chur aige le himeachtaí na Dála inniu thagair an Ceann Comhairle Seán Ó Feargháil don chonspóid a bhain leis an dinnéar a reáchtáil Cumann Ghailf Thithe an Oireachtais sa Chlochán an mhí seo caite.

“Deargamaidí an tslua…seachrán sotail… nó an dá rud” ba chúis leis an gconspóid faoi Chumann Ghailf Thithe an Oireachtais, a deir an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl sa Dáil. Ní cumann oifigiúil de chuid Thithe an Oireachtais an cumann gailf, ar sé, agus dúirt sé gur chóir deireadh a chur leis.

Níos mó