Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-e2,000-bailithe-do-charthanas-mar-gheall-ar-‘alpaca-gaeltachta’

€2,000 bailithe do charthanas mar gheall ar ‘Alpaca Gaeltachta’

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá tuairim is €2,000 tiomsaithe ag ceathrar fear óg ag Gaeltacht Thír Chonaill don charthanas MASI (Movement of Asylum Seekers in Ireland) mar gheall ar an tóir mhór a bhí ar fhíseán dá gcuid faoi alpaca atá ina chónaí ar an gCarraig Fhinn.

Bhí Hugh Carr agus a chuid cairde ar a mbealach abhaile ó bheith ag snámh i Rann na Feirste ag tús mhí Lúnasa nuair a chonaic siad alpaca i ngarraí ar thaobh an bhóthair.

“Bhí muid ar an mbealach chun an bhaile, chonaic muid alpaca, agus tá a fhios agat féin nuair a bhíonn gasúraí le chéile, bíonn siad ag spochadh as achan rud. Bhí muid ag tabhairt abuse don alpaca bocht, agus tharraing mise amach an fón agus chuir mé físeán beag ar Instagram.

“Dúirt mé liom féin go gcuirfinn ar Twitter fosta é, agus d’fhás sé go gasta, agus choinnigh sé ag dul! Níor smaointigh mé go mbeadh tionchar mar sin aige, ach tá thart ar 100,000 radharc aige ar TikTok anois, agus 41,000 ar Twitter,” a dúirt Hugh le NÓS. 

Tá níos lú ná fiche soicind atá sa bhfíseán féin agus Hugh le cloisteáil ag tairiscint ‘sweetie’ don ainmhí ó fhuinneog an chairr.

“Hé Alpaca, goitse Alpaca, an bhfuil tú ag iarraidh sweetie?” an líne is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal ar líne. 

Bhí an físeán i mbéal an phobail arís an deireadh seachtaine seo caite, agus daoine á roinnt ar na meáin éagsúla shóisialta den dara huair. Bhí Hugh agus na buachaillí a bhí sa gcarr leis istigh in Árainn Mhór nuair a tháinig an dara geábh seo agus thosaigh siad ag caint faoi. 

“D’imigh cúpla seachtain tharainn agus phioc sé suas arís thar an deireadh seachtaine. Bhí cúpla duine ag cur ceisteanna faoi t-léinte agus rudaí eile. Bhí mé féin agus na gasúraí istigh in Árainn Mhór nuair a bhí an chaint seo ann, agus dúirt muid ‘an ndéanfaidh muid é?’

“Bhí mé ag iarraidh go mbeadh maitheas inteacht ag teacht as, agus smaointigh mé go mbeadh sé níos fearr an t-airgead a thabhairt do charthanacht. Rinne mé an dearadh ar bonfire.com, agus roghnaigh muid MASI mar gheall ar DP a bheith ar an scéal is mó sa tír faoi láthair. Bhí muid ag iarraidh cúpla euro a bhailiú daofa, agus 25 t-léine a dhíol ag dtús ach tá os cionn 90 díolta anois,” a dúirt Hugh. 

Dearadh deas simplí atá ann, na t-léinte dubh agus íomhá beag d’alpaca orthu mar aon leis an bhfocal ‘goitse’. 

Níl a fhios ag Hugh an bhfuil a fhios ag a chomharsa i Rann na Feirste go bhfuil an t-alpaca atá aige ina gharraí ina réalta TikTok, Instagram, agus Twitter anois, ach tá sé i gceist aige t-léine alpaca a bhronnadh air amach anseo. 

Tá costas €20 ar na t-léine agus iad ar fáil anseo. Rachaidh an brabach uilig do MASI. 

Níos mó