Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-cartuin-reitreo-is-fearr-ar-disney+

Na cartúin reitreo is fearr ar Disney+

| NÓS Suíomh Gréasáin |

An tseachtain chéanna a d’fhógair an rialtas an dianghlasáil cheart i lár mhí an Mhárta, seoladh seirbhís a chabhraigh go mór linne míonna deacra na paindéime a chur dínn — Disney+. Bhí an-tóir go deo ar na scannáin mhóra atá ar fáil ar an aip — leithéid Star Wars, Marvel Cinematic Universe, agus mórscannáin Disney ar nós Wall-E, Up, The Lion King agus eile. 

Bhíothas ar bís nuair a fógraíodh go mbeadh an ceoldráma mór le rá Hamilton ar fáil ar an seinnteoir chomh maith, agus is iomaí clár nua eile atá curtha leis an tseirbhís ó shin.

Ach i bhfolach i measc na gclár úr sin uilig, tá seoda de sheanchartúin ar fáil ar Disney+. Tá ábhar ann a craoladh den chéad uair chomh fada siar le 1928 (Steamboat Willie), ach tá sraitheanna a bhíodh ar The Den agus cláracha eile don óige ar RTÉ fadó freisin. 

Seo daoibh ár rogha de na cartúin reitreo is fearr atá ar Disney+

Gargoyles (1994-1997)

Ba í Éire an t-aon áit ar domhan taobh amuigh de na Stáit Aontaithe a craoladh Gargoyles ar an teilifís — ar RTÉ Two in 1997. An cuimhin leat Goliath, Hudson, Broadway, Lexington, Brooklyn agus Bronx? Cuireadh na Geargáilí faoi gheasa in Albain in 994, geis a d’fhág ina gclocha iad ar feadh míle bliain. Dúisíodh arís iad in Manhattan sa bhliain 1994 mar a bhfuil orthu dul i dtaithí ar shaol an fhichiú haois. Tá cuid den scéal fréamhaithe i seanchas Gaelach na hAlban! (Ach tá an ‘blas Albanach’ ar chuid de na carachtair go hainnis!)

Kim Possible (2002-2007)

‘Call me, beep me, if you wanna reach me’. An spiaire déagóra is fearr ar dhroim an domhain! Cén duine againn nach raibh ag iarraidh a bhí ar Team Possible tráth dá raibh? Bhí Kim ina laoch, ach ba é an carachtar ab fhearr linne Rufus an ‘caochfhrancach maol’ — an peata a bhí ag cara Kim, Ron Stoppable. An raibh a fhios agat gurbh í Raven ó That’s So Raven a thug a glór do chara Kim, Monique? 

Recess (1997-2001) 

An t-aon ‘Recess’ a bhí ar eolas againn sular craoladh Recess Disney ná an baile beag Gaeltachta i nGaillimh! ‘Sos mór’ an t-ainm a bhíodh againn ar ‘recess’ Mheiriceá agus muid ar scoil, ach chuir an clár seo lenár stór focal. Ní thuigfeadh páiste an greann agus an aoir atá sa tsraith faoin tsochaí, an rialtas, agus an t-aicmeachas, ach is fiú go mór don duine fásta breathnú siar air! Tá tagairtí ann don Chogadh Fuar agus polasaithe Gnóthaí Eachtracha Mheiriceá ann, chomh maith le comharthaí aitheantais do scannáin mhóra ar nós The Great Escape agus Cool Hand Luke

Spider-Woman (1979-1980) 

Tá Spider-Woman ar cheann de na carachtair a d’imigh go ciúin ó dhomhan Marvel. Cruthaíodh í ag deireadh na 1970idí mar fhreagra ar shárlaoch eile, Web Woman, nach gcloistear mórán cainte uirthi sa lá atá inniu ann ach an oiread. Níor mhair an tsraith ach séasúr amháin, agus gan ach 16 eagrán ann, ach is sraith dheas í mar sin féin agus blaiseadh láidir de stíl na 1970idí le brath san ealaín agus sa script.

Gummi Bears (1985-1991) 

D’éirigh le Disney scéal mór fada a dhéanamh as milseáin! Tá seanchas a shíneann siar cúig chéad bliain agus caint ann faoi na ‘Great Gummis’ a mhaireadh go síochánta taobh leis an gcine daonna, agus scéalta faoi ‘The Knights of Gummadoon’ agus rudaí iontacha eile. B’fhéidir go raibh na munchies ar lucht a chruthaithe nuair a tharraing siad chucu an mála Gummi Bears an lá a tháinig siad aníos leis an smaoineamh don tsraith. Bhain Disney ábhar do 67 clár as na milseáin bheaga agus scaipeadh ar fud an domhain iad. Ba é Gummi Bears a chuir tús leis an rabhartha nua cartún a craoladh ar ‘Disney Afternoon’ Mheiriceá, agus murach iad ní bheadh go leor de na cartúin eile againn. 

Chip ’n Dale Rescue Rangers (1989-1990) 

Ch-ch-ch-ch-Chip ’n Dale!’. Ar tugadh glór níos measa d’aon charachtar riamh? B’fhéidir gurbh fhearr na fotheidil a roghnú don cheann áirithe seo! Ach mar sin féin, bhí an-spórt sa tsraith seo, agus ó tharla go mbíonn tús an scéil agus a chríoch i ngach eipeasóid, gan aon scéalta leanta ó eipeasóid go heipeasóid, is féidir ceann ar bith a roghnú agus fiche nóiméad a chaitheamh ag breathnú air. 

Níos mó