Tá teachtaireacht i nGaeilge a chuir an rothaí Sam Bennett amach ag ceartú iris a mhaígh gur Briotanach a bhí ann á scaipeadh go tréan arís.
Chuir an iris rothaíochta Cycle Sport tvuít amach roinnt blianta ó shin ag moladh gaiscí rothaithe na Breatine agus bhí Bennett luaite ar dhuine acu. Bhí an chéad staid de Critérium International na Corsaice 2016 díreach buaite ag Bennett.
D’fhreagair Bennett lucht na hirise le tvuít i nGaeilge, áfach, agus é ag maíomh gur Éireannach a bhí ann.
Gabh mo leithsceal @cyclesportmag ach is eireannach mise. Go raibh maith agaibh go leir don tachaíocht agus do fhocail cineálta 😊
— Sam Bennett (@Sammmy_Be) March 26, 2016
Thuill an tvuít aird ag an am agus tá sé i mbéal an phobail arís agus é á scaipeadh ar na meáin shóisialta tar éis d’fhear Charraig na Siúire geansaí glas an Tour de France a bhuachan ag an deireadh seachtaine.
Ní shin an t-aon uair a maíodh gur Briotanach Bennett ach an oiread.
Tharraing iarbhuaiteoir an Tour de France Bradley Wiggins raic níos luaithe an mhí seo nuair a dúirt sé ar Eurosport, le teann magaidh dar leis fein, go bhféadfaí a rá gur rothaí de chuid na Breataine é Bennett.
Mar bharr ar an donas, thosaigh Wiggins ag magadh faoi Sheán Kelly, a bhí ina theannta. Dúirt Wiggins nach rabhthas in ann canúint Kelly, arb as Carraig na Siúire dó chomh maith, a thuiscint.
THE FUCKING NECK. And then he comes back with another insult.
Sean should’ve decked him. pic.twitter.com/7QtmFoutfu
— Aidan (@onthenickel) September 9, 2020
Is é bua Bennett sa Tour de France an chéad uair ó 1989 ag rothaí as Éirinn ceann de na geansaithe is tábhachtaí a bhuachan ag ceann de na trí rás rothaíochta is mó ar domhan.
Bhuaigh Kelly geansaí glas an Tour den cheathrú huair i 1989.
Bhí tvuít eile a bhain le gaisce Bennett i mbéal an phobail le cúpla lá anuas chomh maith. Rinneadh cáineadh géar ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus é curtha ina leith gur úsáid sé Google Translate chun teachtaireacht i nGaeilge a chur amach ag déanamh comghairdeachais leis an rothaí.