Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-5-scannan-uafais-eireannacha-d’oiche-shamhna-2020

5 Scannán Uafáis Éireannacha d’Oíche Shamhna 2020

| Saoirse Ni Chiaragain |

Is é an tráth sin bliana arís, nuair nach mór dúinn suí sa teach, na mílte milseán a ithe agus breathnú ar scéal breá scanrúil. Cinnte, tá cúrsaí thar a bheith scanrúil i mbliana ar aon chaoi, ach maireann spiorad na Samhna. 

Is mór an trua é nach bhfuil mórán roghanna as Gaeilge ann (mura chuirtear The Nightingale le Jennifer Kent, a bhfuil an cúpla focal ann, mar scannán uafáis), ach tá roinnt scannán Éireannach den scoth ar fáil faoi láthair ar Netflix agus seirbhísí eile sruthaithe. Seo iad na cúig scannán uafáis Éireannacha is fearr d’Oíche Shamhna 2020.

The Lodgers (2017) [Netflix]

Rinneadh in Loftus Hall i Loch Garman, an teach is mó a luaitear le taibhsí in Éirinn, an scannán seo ina leantar deartháir agus deirfiúr as teaghlach uasal sna 1920idí. Agus taibhsí istigh, agus Náisiúnaithe feargacha amuigh, tá an bheirt acu scoite amach leo féin i dteach mór atá ag titim as a chéile.

Scéal mall scanrúil agus brónach é seo, a bhaineann an-úsáid as téamaí den choilíneachas, tráma glúine agus aicme. Rogha iontach do dhaoine a baineann sult as an stíl Ghotach agus an pholaitíocht.

The Hole in the Ground (2019) [Netflix]

Ba mar gheall ar an scannán début iontach seo a roghnaíodh an stiúrthóir Lee Cronin leis an gcéad scannán eile sa tsraith Evil Dead a stiúradh. Leanann The Hole in the Ground máthair shingil agus a mac, agus iad tar éis bogadh go pobal nua faoin tuath.  Ach ní túisce ann iad ach go dtagann siad i dteagmháil le fórsaí baolacha ársa a chuireann a bhagraíonn ar an teaghlach beag.

Is é seo an chéad scannán de phéire ar an liosta seo a bhaineann úsáid as síofraí an bhéaloidis Éireannaigh. Sa scéal seo, úsáidtear an síofra chun iniúchadh a dhéanamh ar an mí-úsáid i gcaidreamh agus sochaí iarChaitliceach na hÉireann. Breathnaigh air ar Netflix, agus ní bheidh tú in ann éisteach le ‘The Rattlin’ Bog’ an bealach céanna riamh arís.

The Hallow (2015) [Shudder]

Seo an dara scannán ar an liosta seo ina bhfuil an síofra. Cé gur Sasanach é an stiúrthóir Corin Hardy, tá an scannán seo suite in Éirinn agus baineann sé le téamaí Éireannacha, agus sin an fáth a bhfuil sé san áireamh ar an liosta seo. 

Leanann The Hallow teaghlach Sasanach a athonnaíonn faoin tuath i dtuaisceart na hÉireann chun staidéar a dhéanamh ar na plandaí uathúla sna coillte máguaird. Ach ní fada go dtógtar a leanbh, agus ní mór dóibh dul in aghaidh na bhfórsaí osnádúrtha contúirteacha. 

Cinnte is féidir leat an scannán seo a fheiceáil mar scéal faoin choilíneachas agus éiceolaíocht, ach fiú mura bhfuil suim agat sna cúrsaí seo is fiú é a fheiceáil de bharr na n-éifeachtaí speisialta iontacha.

Extra Ordinary (2019) [Netflix]

Dá mba rud é gur ghlac tú páirt i #Covideoparty Alison Spittle i mí Aibreáin, beidh trácht cloiste agat ar an scannán greann-uafáis seo cheana féin. Leanann Extra Ordinary múinteoir tiomána a labhraíonn le taibhsí agus í ag dul in aghaidh ceoltóra one-hit-wonder chun stad a chur ar lena dhraíocht dhubh. Dáiríre.

Taispeántais iontacha ó Maeve Higgins, Will Forte agus Barry Ward, is rogha iontach é seo d’aon duine atá ag lorg gáire ceart sna laethanta dorcha seo.

Grabbers (2012) [Shudder]

Rogha eile do dhaoine ab fearr leo roinnt grinn i measc an uafáis ná Grabbers. Nuair a thagann neacha eachtardhomhanda go pobal beag in Éirinn, ní mór do lucht na háite aan laige atá ag na strainséirí a aimsiú go beo. Agus nuair a tharlaíonn sé go bhfuil ailléirge ar na eachtráin leis an alcól, tá an-ghreann le baint as!

Bónas: Gearrscannán

Ní scannáin mhóra amháin atá ar fáil duit an Oíche Shamhna seo. Má tá síntiús Shudder agat, tá tú in ann taitneamh a bhaint as an ngearrscannán Cat Calls le Kate Dolan. Scéal dorcha atá ann a leanann beirt bhan óga agus iad ag baint díoltais as ionsaitheoir gnéis.

Mura bhfuil síntiús Shudder agat, is féidir leat an tsraith nua, Shudder Street, a fheiceáil saor in aisce ar YouTube. Suite i bruachbhaile Baile Átha Cliath agus cruthaithe ag Sean Donohue, tá scéal nua i ngach eagrán.

Níos mó