Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dean-fein-e:-paineil-sa-stil-shaker

Déan Féin É: Painéil sa stíl Shaker

| Niamh Ni Shuilleabhain |

Is bealach an-éifeachtach é chun carachtar a chruthú i seomra éigin é painéil adhmaid a chur ar na ballaí. Cuireann painéil adhmaid téagar sa seomra agus cruthaíonn siad atmaisféar te teolaí ann. Chomh maith leis sin is díol spéise iad i seomra gan aon ní suntasach eile ann. Bhí sé ar intinn agam le fada painéil de shórt éigin a chur ar bhallaí mo halla — halla fada díreach é gan aon doirse ar bith ar thaobh amháin de agus, mar sin, bhí gné éigin in easnamh ar an mballa mór lom sin. 

I rith na dianghlasála thug mé faoin togra faoi dheireadh thiar thall. Tá sé i bhfad níos éasca ná mar a cheapfá seomra a nuamhaisiú le painéil adhmaid agus táim chun na leideanna a d’fhoghlaim mé a roinnt libh anois. 

An chéad rud a rinne mé ná an balla a thomhais agus an leithead idir na painéil a shocrú. Ag an bpointe seo caithfear cuimhneamh ar radaitheoirí agus shoicéid chun a chinntiú nach mbeadh aon ghearradh casta ag teastáil níos déanaí. 

Ansin bhí orm cinneadh a dhéanamh faoi mhéid na bpainéal a bhí uaim. Shocraigh mé ar phainéal amháin cothrománach a chur díreach os cionn an chláir sciorta thar timpeall an halla. Ansin chuirfinn painéil cheartingearacha ar comhfhad lena chéile ar an mballa agus painéal amháin cothrománach ag barr na bpainéal sin arís. Chríochnóinn le múnlú maisiúil ag an mbarr. 

Thómhais mé an fad ón mballa go imeall an chláir sciorta le cinntiú go gceannóinn MDF nach rachadh amach níos faide ná imeall an chláir sciorta. Shocraigh mé MDF 100 milliméadar ar leithead, 600 milliméadar ar fhad agus sé mhilliméadar ar doimhneacht a úsáid do na painéil cheartingearacha. Bheadh an dá phainéal cothrománach ar aon leithead leo. 

Tá leatháin MDF ar díol i Woodies agus B&Q don chúram seo agus Seirbhís Ghearradh Adhmaid acu i B&Q muna bhfuil na huirlisí cuí agat sa bhaile. Bhí an t-ádh liom go bhfuil teacht agam ar sheomra adhmadóireachta den chéad scoth agus comhghleacaí oibre flaithiúil agam a ghearr an t-adhmad dom. 

Nuair a bhí na painéil adhmaid agam chuir mé dhá bhrat prímeálaigh agus péinte orthu sular ghreamaigh mé leis an mballa iad. D’fhéadfá an chéim seo a fhágaint go dtí go mbeidís ar an mballa ach os rud é go mbeadh prímeálach ag teastáil ar an adhmad agus ní ar an mballa cheap mé go mbeadh sé níos fusa na painéil a réiteach sula gcuirfinn ar an mballa iad. 

Chomh maith leis sin réitigh mé an balla sular chuir mé na painéil air. Chuir mé dhá bhrat péinte ar an gcuid íochtair den bhalla a chumhdófaí le painéil. 

Thosaigh mé ansin leis an bpainéal íochtair cothrománach a ghreamú leis an mballa díreach ar bharr an chláir sciorta. D’úsáid mé greamachán de dhéantús Evo-stick agus tairní sciorta chun na painéil a ghreamú leis an mballa. Nuair a bhí na painéil sin déanta agam thar timpeall an halla bhog mé ar aghaidh chuig na painéil cheartingearacha. Nuair a bhí na painéil sin uilig greamaithe leis an mballa chuaigh mé thart le painéal amháin cothrománach ag an mbarr agus  múnlú maisiúil ar a  bharr ansin. 

Nuair a bhí na painéil uilig críochnaithe agam bhí orm na poill agus na scoilteanna a líonadh. D’úsáid mé Polyfilla don chúram seo. Lig don líontóir triomú go hiomlán sula gcuimleoidh tú le páipéar gainimh nó greanóir leictreach é chun na painéil a dhéanamh mín.

Nuair atá an líontóir tirim is féidir leat na painéil a chuimilt. D’úsáid mé greanóir leictreach ar na painéil agus páipéar gainimh ar an múnlú. Anois beidh na painéil réidh don dá bhrat dheireanacha péinte — agus sin é.

  • 20201027_132154-1

    20201027_132154-1

  • 20201027_132128

    20201027_132128

  • IMG_20200708_181745_490

    IMG_20200708_181745_490

  • IMG_20200708_194121_832

    IMG_20200708_194121_832

  • 20201027_132142

    20201027_132142

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé fíor shásta leis na painéil. Ba thogra an-taitneamhach agus neamhchostasach é seo a d’athraigh cuma an halla go hiomlán. Seo a leanas liosta de na hearraí a bheidh ag teastáil:

  1. Miosúr
  2. Painéil MDF gearrtha de réir méide
  3. Leachtleibhéal
  4. Sábh láimhe
  5. Sábh mítéar
  6. Greamachán
  7. Tairní sciorta 
  8. Casúr
  9. Líontóir
  10. Páipéar Gainimh / Greanóir
  11. Prímeálach
  12. Péint
  13. Scuaba Péinte

Níos mó