Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deisceart-chonamara-ar-na-ceantair-is-measa-sa-stat-o-thaobh-covid-19,-corca-dhuibhne-an-ait-is-lu-ata-buailte

Deisceart Chonamara ar na ceantair is measa sa stát ó thaobh Covid-19, Corca Dhuibhne an áit is lú atá buailte

| Tuairisc.ie | ,

Tá Conamara i measc na ndeich gceantar is measa sa stát ó thaobh scaipeadh an Covid-19, de réir na bhfigiuírí is déanaí.

A mhalairt de scéal a bhí ann i gcás Chorca Dhuibhne an áit is lú sa stát a raibh an galar ag scaipeadh sa tréimhse coicíse idir an 13-26 Deireadh Fómhair.

155 cás den ghalar a deimhníodh i dtoghcheantar Dheisceart Chonamara le linn na tréimhse céanna agus 726 an ráta coicíse do scaipeadh an ghalair a bhí ann, an naoú ráta is airde sa stát.

308 an meánráta náisiúnta a bhí ann in aghaidh gach 100,000 duine don tréimhse chéanna.

Ráta 28 a bhí i nDeisceart Chonamara ag tús na míosa.

Tá ardú tagtha ar líon na gcásanna i gConamara Thuaidh le deireanaí chomh maith. Deimhníodh 36 cás nua den Covid-19 ann idir 13-26 Deireadh Fómhair rud a fhágann go bhfuil an ráta coicíse imithe ó 128 go dtí 209.

56 an ráta coicíse a bhí i gCorca Dhuibhne, an ráta is ísle sa stát go léir, in éineacht leis an Aonach i dTriobaid Árann. Ocht gcás a deimhníodh i gCorca Dhuibhne le linn na tréimhse coicíse.

I nDún na nGall, d’fhéadfadh go bhfuil tionchar na srianta Leibhéal 4, a cuireadh i bhfeidhm ar an 15 Deireadh Fómhair, le feiceáil sna figiúirí is déanaí ó na húdaráis sláinte.

I dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil Gaoth Dobhair, deimhníodh 27 cás nua idir 13-26 Deireadh Fómhair agus thit an ráta coicíse ó 155 cás go dtí 113 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar.

Deimhníodh 70 cás nua sa cheantar thart timpeall ar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae agus laghdaigh an ráta coicíse ó 321 idir 6-19 Deireadh Fómhair go dtí 264 idir 13-26 Deireadh Fómhair.

 Ardú a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 91 cás nua a deimhníodh ann le linn na tréimhse sin agus an ráta imithe ó 198 go dtí 247.

 Laghdú a bhí ann sa cheantar thart timpeall ar Ghaeltacht na nDéise chomh maith agus an ráta i dtoghcheantar Dhún Gharbhán tite ó 152 go dtí 117.

I nGaeltacht Mhaigh Eo, tháinig ardú arís ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead. Ráta coicíse 476 cás in aghaidh gach 100,000 duine agus ráta 476 a bhí  de réir na bhfigiúirí is déanaí. 60 cás nua a deimhníodh i gceantar Bhéal an Mhuirthead idir 13-26 Deireadh Fómhair.

Ardú a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh ó 229 go dtí 294. 54 cás nua a deimhníodh ann idir 13-26 Deireadh Fómhair.

I gcontae na Mí, ráta 497 atá i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Ráta 485 atá i dtoghcheantar Cheannanais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib.

Ó dheas i dtoghcheantar an Neidín, áit a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh lonnaithe, thit an ráta coicíse ó 164 go dtí 100.

25 cás ar fad a aimsíodh sa toghcheantar idir 13-26 Deireadh Fómhair.

Tá an triú ráta is airde sa tír i gcathair na Gaillimhe Láir. Ráta 981 a bhí ann idir an 6-19 Deireadh Fómhair, ach ráta 1019 atá i gceist de réir na bhfigiúirí nua a foilsíodh aréir.

Tá an ráta coicíse is airde sa stát fós i mBaile Shéamais Dhuibh, toghcheantar i gcontae an Chabháin. 1,484 an ráta a bhí ann idir 13-26 Deireadh Fómhair.

Níos mó